Bean na Rincí Gaelacha & na Naíonraí Imithe ar Shlí na Fírinne

Éilis Uí Dhálaigh

Déanann Conradh na Gaeilge comhbhrón ar bhás Éilis Uí Dhálaigh, lorgaíonn aitheantas di as an chéad Naíonra lánGhaeilge a bhunú

Déanann Conradh na Gaeilge comhbhrón ó chroí le muintir Éilis Bean Uí Dhálaigh (née Nic Shim) ó Bhaile Átha Luain, Co. na hIarmhí, a cailleadh i ndiaidh tinnis ghairid níos luaithe an tseachtain seo caite, agus molann go dtabharfaí aitheantas mar is cóir di as an chéad Naíonra lánGhaeilge a bhunú in Éirinn.

Ní hamháin go raibh baint mhór aici le Coimisiún na Rincí Gaelacha (CLRG) i gcaitheamh na mblianta, ach bhí Éilis Uí Dhálaigh rannpháirteach i gcoistí náisiúnta na Naíonraí freisin. Is é Conradh na Gaeilge a thosaigh gluaiseacht na Naíonraí Gaeilge le straitéis Naíonraíochta sna seascaidí, tráth a raibh iarrachtaí á ndéanamh ag An Roinn Oideachais deireadh a chur le teagasc na Gaeilge sna scoileanna.

Maolsheachlainn Ó Caollaí a bhí ina Uachtarán ar Chonradh na Gaeilge nuair a thosaigh gluaiseacht na Naíonraí, agus dúirt sé:

“Cheap Conradh na Gaeilge straitéis na Naíonraí chun an báire a bhí ag imeacht go mór in aghaidh na Gaeilge i lár na seascaidí a chasadh. D’éirigh leis an straitéis toisc go raibh mná go háirithe a bhí sásta dul in aghaidh an srutha timpeall na tíre, agus Naíonraí a thosú – ina dtithe féin, go minic – agus am agus dúthracht a chaitheamh leis an dtogra; bhí Éilis Uí Dhálaigh ina measc siúd.

“Meastar, go deimhin, gurb í Éilis a bhunaigh an chéad Naíonra lánGhaeilge, ach ní shílim go bhfuair sí an t-aitheantas sin ariamh – díríonn na gradaim agus na haitheantais oifigiúla ar dhaoine cáiliúla a bhfuil aithne ag lucht bronnta na ngradam orthu go minic, agus fágtar na fíor laochra as an áireamh in amanna, ach is léir gur laoch a bhí in Éilis. Bhí an-mheas uirthi i measc lucht na Naíonraí i gcónaí.”

Bhí córas timireachta ag Conradh na Gaeilge ag an am, áit a raibh tuairim ‘s seisear fostaithe go lánaimseartha ag an eagras. Tugadh treoir do na timirí seo na socruithe a dhéanamh chun Naíonraí a thosú, agus ba as fochoiste den Choiste Gnó de chuid an Chonartha a d’eascair Na Naíscoileanna Gaelacha. Athraíodh an t-ainm seo go Na Naíonraí Gaelacha chun imeacht ón mbrí a bhaineann leis an bhfocal scoil agus chun an focal nua Naíonra a chum siad ó na focail gasra naíonán a thabhairt isteach.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Ba smaoineamh nua ar fad é naíonra a bhunú in Éirinn ag an am, agus ní raibh sé éasca dul i mbun na hoibre seo, ach thug Éilis Uí Dhálaigh agus a fear céile Liam tacaíocht láidir do Chonradh na Gaeilge i gcónaí. Bhí siad dúthrachtach, dílis nuair a bhí an Conradh ag iarraidh dul i ngleic leis na dúshláin nua sna seascaidí agus seachtóidí, agus déanann an fhoireann ar fad comhbhrón lena muintir thar cheann na heagraíochta, agus guíonn muid go ndéana Dia grásta uirthi agus ar Liam.”

Is as na Naíonraí a eascraíonn go leor de ghluaiseacht na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí sa lá atá inniu ann, agus is tráthúil an t-am é aitheantas a lorg d’Éilis Uí Dhálaigh nuair atá idir Naíonraí, bhunscoileanna agus mheánscoileanna lánGhaeilge agus eile ag tosú ar ais an tseachtain seo. Ba mhaith le Conradh na Gaeilge comhbhrón ó chroí a dhéanamh lena muintir agus an t-aitheantas is dual d’Éilis mar ghníomhaí ar son na Gaelscolaíochta a lorg. Go raibh a hanam i measc laochra na nGael agus suaimhneas síoraí uirthi.

CÚLRA:

Gluaiseacht na Naíonraí

Moladh Naíonraí a bhunú den chéad uair ag léacht chomórtha 50 bliain ó Éirí Amach na Cásca a reáchtáladh i Halla Thomáis Ághais ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 (áit as a bhfeidhmíonn An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge anois) sa bhliain 1966. Comhdháil Cheilteach na nÓg a reáchtáil an léacht úd agus bhí baint ag an gcuid is mó de na daoine óga sa Chonradh i mBaile Átha Cliath leis an eagras sin ag an am, ach ba é Mícheál Mac Aonghusa ba mhó a d’eagraigh an ócáid; Trefor Morgan a thug an léacht féin. Mianadóir guail ab ea é Morgan, fear a rinne a chuid airgid as comhlacht árachais agus a thug £100,000 as a phóca féin chun gluaiseacht na Naíonraí sa Bhreatain Bheag a mhaoiniú. Chuaigh beirt a bhí ar Choiste Airgid Chonradh na Gaeilge ag an am – Mícheál Mac Aonghusa agus Maolsheachlainn Ó Caollaí – anonn go dtí an Bhreatain Bheag an bhliain dar gcionn i 1967, áit ar bhuail siad le Trefor Morgan agus eile thall, agus cuireadh ina luí orthu a thábhachtaí ‘s a bheadh sé gluaiseacht Naíonraí a thosú in Éirinn chun an báire i gcúrsaí oideachais a chasadh.

Tuilleadh eolais: Maolsheachlainn Ó Caollaí 00353 (0)86 3410948 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge