Skip to main content

"Is féidir linn todhchaí na Gaeltachta a chinntiú le gnímh cinniúnach ón stáit i bpáirt leis an bpobal" - de Spáinn

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh tuairisc An Dochtúir Conchúr Ó Giollagáin, Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006-2011, a foilsíodh inniu.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

Léiríonn tuairisc Chonchúir Uí Ghiollagáin maidir le todhchaí na Gaeltachta gur gá don Stát ní hamháin cur in iúil do phobal na Gaeltachta go seasann siad go hiomlán le Gaeltacht bríomhar, láidir, inmharthanach, ach go ndéanfaidh siad tosaíocht láithreach le seo a bhaint amach. Chuige sin, is gá don rialtas na hacmhainní a chur ar fáil chun polasaí cumhachtach misniúil a chur i bhfeidhm leis na rudaí a leanas san áireamh:

1) Polasaí ceart oideachas Gaeltachta

2) Maoiniú cheart do Údarás na Gaeltachta agus an córas pleanála teanga nua sa phobal

3) Tacaíocht do ghrúpaí Gaeltachta a chumasaíonn an phobal chun a theanga dhúchais a úsáid agus an phobal a fhorbairt.

Léiríonn taighde Uí Ghiollagáin gur féidir todhchaí na Gaeltachta a chinntiú le gnímh cinniúnach ón stáit i bpáirt leis an bpobal. Éilíonn Conradh na Gaeilge ar an rialtas gníomhú láithreach agus go héigeandála ar bhonn na taighde seo.

Tá Conradh na Gaeilge lán-sásta obair leis an rialtas agus na grúpaí pobal agus muid ag tabhairt faoin dúshlán seo."

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.