Skip to main content

“Ar aghaidh linn go toghcháin!”

Chruinnigh teachtaí agus baill Chonradh na Gaeilge le chéile i Ros Cré, Tiobraid Árann an deireadh seachtaine seo le haghaidh Ard-Fheis fhóram daonlathach phobal na Gaeilge. D’oscail iar-Uachtarán an Chumainn Lúthchleas Gael, Liam Ó Néil, imeachtaí na hArd-Fheise agus i measc na n-aoichainteoirí eile bhí Nodlaig Ní Bhrollaí agus Tomás Ó Síocháin. Ba é ‘Athnuachan: Deonachas, Dualgas agus Eagraíocht’ téama na bliana seo agus an eagraíocht ag breathnú i dtreo na todhchaí, go háirithe agus olltoghchán ó dheas agus comhairliúchán ó thuaidh ar na bacáin. Rinneadh plé ar rúin na gcraobhacha agus i measc na mór-théamaí a ndearnadh díospóireacht orthu bhí dul chun cinn na heagraíochta ar fud an oileáin, chomh maith le leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, deireadh a chur le maolú ar stádas na Gaeilge san Eoraip agus cur i bhfeidhm na Cairte Eorpaí do Theangacha Mionlaigh agus Réigiúnacha sna hOllchomhairlí nua ó thuaidh. Leagadh béim mhór fosta ar an chomhairliúchán reatha ar Bhille na Gaeilge ó thuaidh agus tábhacht na reachtaíochta sin i leith na teanga. Chomh maith leis sin ceapadh Coiste Gnó nua agus ath-thoghadh Cóilín Ó Cearbhaill mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge. Moladh fosta éiteas deonach na heagraíochta go mór.


Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

‘Is iad na daoine atá i mbun na hoibre deonaí seo an acmhainn is luachmhaire agus is tábhachtaí atá againn mar phobal Gaeilge. Tá dualgas láidir ag Conradh na Gaeilge aitheantas, tacaíocht agus guth a thabhairt do na daoine seo. Is iad na daoine is fearr a thuigeann mianta phobal na Gaeilge ná pobal na Gaeilge iad féin. Tugann an Conradh ardán náisiúnta dúinn agus tá dualgas orm mar Uachtarán go mbeidh guth an phobal sin le cloisteáil go soiléir agus táim ag súil leis an dualgas seo a chomhlíonadh sa bhliain atá amach romhainn.’

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

Tar éis cúpla bliain dúshlánach tá an t-am ann anois díriú ar na tosaíochtaí atá againn mar eagraíocht agus tá an t-am ann don Rialtas tacú leis na héilimh atá ag teacht ón phobal, an stádas ceart a thabhairt don teanga agus na hacmhainní cearta a chur ar fáil chun an pobal a chumasú leis an obair seo a chur i gcrích. 

Tá tuilleadh sonraí mar aon le grianghraif ón Ard-Fheis ar fáil ach ríomhphost a chur chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.