Skip to main content

Cláraítear Conradh na Gaeilge le Gréasán Comhionannais Teanga na hEorpa (GCTE | ELEN)

Tá áthas ar ‘Gréasán Comhionannais Teanga na hEorpa’ (GCTE | ELEN) go bhfuil an ENR Gaeilge, Conradh na Gaeilge, anois mar bhall den eagraíocht.

Ar a bharr sin, ag cruinniú de chuid an Choiste Stiúrtha i Mainz ar an Satharn, thacaigh GCTE|ELEN an feachtas ar son Acht na Gaeilge agus beidh ag obair i ndlúthpháirtíocht le CnaG sna míonna atá amach romhainn ar an chomhairliúchán reatha agus i dtaca le bheith ag stocaireacht ar an rialtas agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta chun cinntiú go gcuirfear Acht na Gaeilge i bhfeidhm.

Ag labhairt leis an meáin, dúirt Ard-Rúnaí GCTE | ELEN, Davyth Hicks:

“Tá luachair orainn fáilte a chur roimh Chonradh na Gaeilge go GCTE | ELEN. Tá tobar ollmhór taithí ag CnaG le hofráil do GTCE | ELEN ar obair na habhcóideachta, ar theagasc teangacha, agus ar athshlánú éifeachtach teanga”.

“Tagann ballraíocht CnaG ag am fíor-thábhachtach don Ghaeilge agus muid ag druidim ar dheireadh na tréimhse feachtasaíochta le haghaidh Acht na Gaeilge. Tá sé thar téarma Acht a thabhairt isteach, ba chóir gur tugadh isteach mar chuid den phróiseas síochána blianta ó shin, agus chuige sin ba chóir go mbeadh ar a laghad an stádas dleathach atá ag an Bhreatnais agus ag Gaeilge na hAlban le glúin anuas.

“Beidh mór-ghréasán GTCE | ELEN, a bhfuil cuid mór saineolaithe i gcomhthéacs an athshlánaithe teanga agus i gcomhthéacs na reachtaíochta éifeachtaí teanga, rannpháirteach sa phróiseas comhairliúcháin sna seachtainí seo romhainn amach agus beidh ag stocaireacht go mór ag leibhéal na Ríochta Aontaithe agus na hEorpa chun cur i bhfeidhm an Achta sa dlí a chinntiú”.

“Ag glacadh le stádas éiginnte na Gaeilge mar theanga phobail, mar a cuireadh síos uirthi i dtuairisc Joe Mhic Dhonnchaidh, 2007, tá sé rí-thábhachtach go mbrúnn muid ar aghaidh leis seo agus go gcuireann muid le hathshlánú na Gaeilge. Tabharfaidh Acht Gaeilge bunchloch dhleathach thábhachtach d’athbheochan na teanga ó thuaidh in Éirinn agus tógfaidh sé ar éachtaí iontacha oibre an tsochaí shibhialta in Éirinn a athsheol an Ghaeilge mar theanga pobail."

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.