Tograí faoi choinne Bille na Gaeilge
Sa nasc thuas anseo tá leathanach atá ullmhaithe ag Conradh na Gaeilge mar bhealach iontach gasta freagra a thabhairt ar an chomhairliúchán ar Acht na Gaeilge ó thuaidh. Tá an cháipéis féin dátheangach.
Is féidir seo a chló amach agus iarraidh ar dhaoine é a líonadh isteach nó a líonadh amach ar líne. Is leor ticeanna a chur sna boscaí ach má bhíonn am ag daoine moltaí agus tuairimí a lua ann is amhlaidh is fearr.
Tá an rogha ag daoine iad a chur ar aghaidh chuig an seoladh seo:
Comhodaitheoir Freagairtí
Comhairliúchán ar Bhille Gaeilge
An Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta
Leibhéal 7, Malartán an Chabhsa
1-7 Sráid Bedford
Béal Feirste
BT2 7EG
trí ríomhphost chuig:
nó go díreach iad a fhágáil ar ais chuig ceann de na hionaid Ghaeilge in aice leo agus is féidir linne iad a bhailiú ar an dóigh sin.
Ní neart go cur le chéile!
