Skip to main content

Seachtain na Gaeilge le seoladh i mBéal Feirste don chéad uair riamh!

Is i mBéal Feirste a seolfar Seachtain na Gaeilge 2015. Is é seo a chéad uair riamh a seolfar an fhéile sa chathair álainn seo. Cuirfidh an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóilíochta Carál Uí Chuilín tús leis an lá ar a 11rn ar an Satharn an 28 Feabhra. Is i gCultúrlann Mc Adam Ó Fiach a bheas an spraoi ar fad ar siúl. Léireoidh an comhlacht puipéadóireachta Fíbín seó bunaithe ar a gclár iontach Saol Faoi Shráid atá le feiscint at TG4. Beidh roinnt siamsaíochta do pháistí ar siúl ar feadh an lae, idir phéinteáil aghaidh, ainmhithe balún, cheardlanna agus go leor eile. Beidh ceol beo á chasadh ag Clann Mhic Rúairí na ceoltóirí aitheanta ó Rann na Feirste. Cuirfear soláistí ar fáil chun deis a thabhairt do dhaoine a gcuid anála a tharraingt i ndiaidh an méid sin.

Cuirfidh an seoladh tús le seacht lá déag d’imeachtaí spraíúla, taitneamhacha a bheas ar siúl timpeall na tíre. Díríonn imeachtaí SnaG ar chách, daoine a bhfuil Gaeilge ón gcliabhán acu agus dóibh siúd nach bhfuil ach suim acu i dteanga an oileáin seo. Is féidir teacht ar imeacht i do cheantar ar shuíomh Sheachtain na Gaeilge www.snag.ie

Arsa Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: Ní chreidim go bhfuil seoladh na féile ach 9 lá uainn! Tá foireann SnaG ar bís agus ag tnúth go mór leis an bhféile. Beidh an aip réidh le seoladh an tseachtain seo chugainn agus le níos mó ná 450 imeacht ar siúl ar fud an oileáin níl aon dara rogha ag daoine ach Triail a bhaint Aisti!

Arsa Sinéad Ní Dhomhnaill, Bainisteoir Gníomhach Sheachtain na Gaeilge: Is léir go mbeidh an-chraic againn ag seoladh Sheachtain na Gaeilge i mBéal Feirste agus is cinnte go gcuirfidh sé gliondar ar mo chroí bualadh leis na teaghlaigh uilig a mbeidh linn sa Chultúrlann ar an 28 Feabhra! Ní hí seo ach tús Sheachtain na Gaeilge- táim ag súil le freastail ar na méid imeachtaí Gaelacha go dtig liom freastail orthu i rith na féile! A chairde Gaeil, bígí linn!

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.