Skip to main content

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh tús an chomhairliúcháin maidir le hAcht teanga ó thuaidh

Le teacht na nuachta ar 13 Eanáir 2015 go raibh sé de rún ag an Aire Cultúir, Carál Ní Chuilín, comhairliúchán poiblí a reáchtáil ar cheist Acht na Gaeilge ó thuaidh, cuireann Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh seoladh an chomhairliúcháin sin inniu, 11 Feabhra 2015. Tuigeann Conradh na Gaeilge, áfach, nach leor briathar gan beart a thaispeáint sa phróiseas seo agus tá baill den phobal buartha go leanfaidh an comhairliúchán seo na cinn a tháinig roimhe i 2006 and i 2007. Cé gur léiríodh tacaíocht mhór don Acht sa dá chás sin, ní raibh ann sa deireadh ach maorlathas gan gníomh. An uair seo, is spreagadh mór iad na figiúir is úire a léiríonn go bhfuil 30 uair níos mó daoine a bhfuil suim sa teanga acu ná iad siúd a bhfuil an Ghaeilge acu cheana féin. Tá sé tábhachtach go gcuireann muid an rogha sin ar fáil go forleathan – laistigh agus lasmuigh den chóras oideachais. Léiríonn figiúir úra go bhfuil 54% den phobal ó thuaidh ag aontú le tuilleadh seirbhísí do Ghaeilgeoirí. Ba mhaith le mór-phobal na Gaeilge feidhm phraiticiúil a fheiceáil ón phróiseas seo. Seolfar an comhairliúchán seo le foilsiú thorthaí an tsuirbhé nua de chuid Chornadh na Gaeilge a léiríonn méadú san éileamh ar son seirbhísí Gaeilge.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill:

 “Iarann Conradh na Gaeilge ar phobal na Gaeilge ról gníomhach a ghlacadh sa phróiseas seo. Is féidir aighneachtaí agus moltaí a chur isteach ar neart dóigheanna agus tá foireann Chonradh na Gaeilge ann le cuidiú leis an phróiseas bealach ar bith ar féidir leo. Ag amharc ar an chomhairliúchán a rinneadh ar cheist an Achta in 2006, léiríodh go raibh 93% de na freagraí ar a shon, agus in 2007, bhí breis agus 11,000 freagraí ar an chomhairliúchán, a raibh tromlach acu i bhfabhar Acht Gaeilge. Thaispeáin pobal na teanga, breis agus 5,000 ag an Lá Dearg i mBéal Feirste anuraidh, go bhfuil éileamh agus gá ann do reachtaíocht teanga, mar a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn naoi mbliana ó shin”.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Cosanta Teanga agus Ionadaíochta ó thuaidh:

 “Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh an phlé i bhfoirm comhairliúcháin, ach is é an tAcht féin an sprioc go fóill, agus caithfear gníomhú sa treo sin i gcónaí. Tá seoladh an chomhairliúcháin seo ag teacht ag am iontach spéisiúil ó thuaidh. Tá torthaí na pobalbhreithe a reáchtáil Conradh na Gaeilge i mí Eanáir 2015, ó thuaidh agus ó dheas, ar ais againn agus léiríonn siad tacaíocht agus éileamh an-ard ar son na Gaeilge, ar fud an oileáin. Mar fhreagra ar cheist a cuireadh maidir leis an líon seirbhísí ba chóir bheith ar fáil trí mheán na Gaeilge, don té ar mhaith leis iad, d’fhreagair 54% den mhuintir ó thuaidh ar son na seirbhísí. Tá léiriú suimiúil sna staitisticí seo fosta maidir le deiseanna úsáide na teanga, agus d’fhógair duine as gach ceathrar ó thuaidh gur mhaith leo tuilleadh deiseanna an Ghaeilge a úsáid ina saol laethúil. Sílim go léiríonn na figiúirí seo go bhfuil pobal na Gaeilge ó thuaidh ag fás, agus go bhfuil an tsuim thras-phobail ag fás fosta. Ba mhian linn iarraidh ar gach duine, a bhfuil spéis sa teanga acu, aird a dhíriú ar an chomhairliúchán seo agus bheith rannpháirteach sa phróiseas. Ar an dóigh sin is féidir leis an dréachtbhille bheith iomlán ionadaíoch ar an teanga agus ar phobal a labhartha”.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.