Toscaireacht Phobal na Gaeilge ag trial ar Stormont

Chuaigh toscaireacht ó Chonradh na Gaeilge i gcomhar le daltaí Coláiste Feirste chuig Stormont inniu, Dé Máirt, 25ú Samhain 2014, lenár ndíoma a léiriú i leith na n-ionsaithe is déanaí ar an Ghaeilge agus a pobal labhartha ag baill tofa ár dtionóil.

 

Is teanga bheo í an Ghaeilge agus pobal bríomhar, éagsúil á n-úsáid ar bhonn laethúil ó thuaidh, mar ghnáth chuid dá saol. Ba mhaith linn an teanga a chur chun cinn i measc pobail éagsúil na tíre seo ar bhonn oscailte, tarraingteach agus uileghabhálach. Ní bagairt í an Ghaeilge d’éinne ach is gné thar a bheith luachmhar í dár noidhreacht agus stair shaibhir.

 

Creidimid áfach, go bhfuil na maslaí is déanaí ón bhaill tofa, Gregory Campbell MLA, ag baint ó na hiarrachtaí seo agus ag baint ó na hiarrachtaí níos leithne sochaí forasach, ilchultúrtha, ina mbíonn meas do mhionlaithe éagsúla a chruthú. Mar dhaoine óga agus díograiseoirí teanga, mothaímid nach bhfuil spás ann dúinn sa tsochaí seo nuair is féidir le polaiteoirí mí-úsáid a bhaint as a sheasamh mar pholaiteoir tofa le hionsaí a dhéanamh ar ár bpobal agus ár dteanga.

 

Arsa Bainisteoir Cosaint Teanga agus Ionadaíochta Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin:

 

“Ba mhaith linn go mbeidh an Ghaeilge á n-úsáid in achan réimse den tsaol poiblí anseo agus leanfaidh muid lenár n-iarrachtaí an teanga a chur chun cinn, in ainneoin na hiarrachtaí seo naimhdeas a chruthú dí. Is tacaíocht atá uainn mar phobal, ní naimhdeas. Éilíonn muid arís mar sin, go ndéanfar beartais dearfach i leith na Gaeilge a reachtú don phobal ó thuaidh. Cuirfidh reachtaíocht dearfach spás ar fáil ina mbeidh cosaint agus meas ar fáil don Ghaeilge agus dá lucht labhartha.Tá pobal na Gaeilge ag fás i rith ama, tá sé thar am go raibh an stát ag plé linn ar bhonn cothrom agus cóir.”

 

Críoch

 

Le haghaidh tuilleadh eolais

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Bainisteoir Cosaint Teanga agus Ionadaíocht

Conradh na Gaeilge

+447545293841

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 180 craobh ag an Chonradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonar don Chonartha freisin.

 

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge