Skip to main content

ÉILÍONN CONRADH NA GAEILGE AR AN FHEIDHMEANNAS AN GHAEILGE A CHOSAINT

D’iarr Conradh na Gaeilge ar na páirtithe atá i bhfách le Comhaontú Aoine an Chéasta chun aird s’acu a dhíriú ar sholáthar Achta Gaeilge i ndiaidh ráiteas Gregory Campbell ón DUP inné i Stormont. Tá grúpa abhcóideachta na Gaeilge ag iarraidh ar an Uasal Campbell bualadh leo le go dtig leo tabhairt le fios an t-olc a chur sé ar dhaoine, sa dhá phobal, ar suim leo an Ghaeilge nó a bhaineann úsáid as an Ghaeilge ina saol laethúil. Bheadh deis ann feasacht s’aige a ardú ar an cheist seo agus an nasc idir an Ghaeilge agus ár n-oidhreacht chomónta a chur faoina bhráid.

Dúirt urlabhraí leis an eagraíocht, Ciarán Mac Giolla Bhéin:

“Cuireann an ráiméis leatromach, frith-Ghaeilge, is déanaí ó Gregory Campbell brú ar chaidrimh pobail, ach ní aon iontas é do phobal na Gaeilge. Ní hé seo an chéad uair gur bhain sé mí-úsáid as a sheasamh mar pholaiteoir tofa lena bheag a dhéanamh de phobal na Gaeilge ar bhonn ciníoch.

“Amhlaidh le 2007, nuair a d’úsáid sé na frásaí seo den chéad uair, tá sé ag sárú ‘Airteagal 73’ de rialacháin an tionóil. Chuige sin, meanma agus spiorad Chomhaontú Aoine an Chéasta maraon leis an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnda agus Mionlaigh. Deimhníonn na rialacháin seo an ceart an Ghaeilge a úsáid, a labhairt agus a fhoghlaim sa saol poiblí.

“Cothaíonn an t-iompar ciníoch, ionsaitheach seo naimhdeas do phobal na Gaeilge agus ní bheadh sé inghlactha dá mbeadh mionlach ar bith eile eitneach nó teanga i gceist. Níl pobal na Gaeilge difriúil sa chás seo agus tá muid i dteideal aistarraingthe agus leithscéil ó Mr. Campbell. Ba chóir do cheannaire an DUP agus an Chéad Aire, Peter Robinson, a pháirtí a tharraingt siar ar bhonn poiblí ó na ráitis ionsaitheacha seo.

“Is ceart aitheanta, idirnaisiúnta é úsáid teangacha dúchasacha agus léiríonn eachtraí mar seo an gá le hAcht Gaeilge cearta-bhunaithe. Tá a shamhail i bhfeidhm cheanna féin i dTionóil na Breataine Bige agus na hAlban gan díobháil ar dhuine ar bith.

“Is í an Ghaeilge teanga dúchais na hÉireann agus tá sí á labhairt sa tír seo le breis is 2,000 bliain. Tá a hoidhreacht shaibhir le sonrú i logainmneacha agus sloinnte an oileáin seo, sloinnte an Uasail Campbell san áireamh.”

Tá na mílte daoine óga ag fáil oideachais trí mheán na Gaeilge agus a úsáideann an teanga ar bhonn laethúil mar rogha teanga. Cad é mar ba chóir daofa mothú nuair a chluineann siad ionadaí poiblí ag baint leasa as a oifig le hionsaí a dhéanamh ar á gcultúr, oideachas agus féiniúlacht?

Dúirt Niall Comer, Tanáiste Chonradh na Gaeilge:

“Leis an bhorradh atá tagtha ar ionsaithe ciníocha le déanaí, ba cheart go spreagfaidh an ciníochas a mhothaigh muid ag Stormont Dé Luain mar chatalaíoch dár sochaí, baill tofa go háirithe, seasamh le chéile le héagsúlacht cultúir, creidimh agus teanga a chur chun cinn.

“Ar an drochuair, baineadh de na hiarrachtaí maidir le dea-chaidrimh agus todhchaí roinnte leis an amaidí i Stormont Dé Luain agus is beag sochar a bhainfidh pobal na Gaeilge ón fhionraí lá amháin a tugadh don Uasal Campbell.

“I mí Aibreáin na bliana seo, shiúil timpeall 10,000 Gaeilgeoir trí Bhéal Feirste ag éileamh cothromais, ceart agus córa – go bpléitear leo le meas agus dínit.

“Tá níos fearr tuillte ag pobal na Gaeilge, 16 bliain i ndiaidh síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta agus 8 bliain i ndiaidh d’Acht Gaeilge a bheith geallta linn i gComhaontú Chill Rímhinn.

Ní mór dár gceannairí polaitiúla á n-aird a dhíriú arís ar reachtú gealltanais fad-déanta i dtaobh cosanta láidre agus forbartha don Ghaeilge. Níl deis níos fearr chun sin a dhéanamh ná tríd na cainteanna atá ag dul ar aghaidh faoi láthair. Leanfaidh pobal na Gaeilge na cainteanna sin le suim.

“Is trí chur i bhfeidhm na gcosantaí dleathacha seo a chuirfidh muid deireadh le heachtraí ciníocha, amhail an méid ón Uasal Campbell.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.