Conradh Na Gaeilge Ag Tacú Le 62% Den Phobal Ó Dheas Agus Ag Lorg Gnímh Láithreach Ón Rialtas

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas ó dheas gníomhú láithreach i ndiaidh torthaí an phobalbhreith a d'fhoilsigh Tuairisc.ieinniu, 13 Deireadh Fómhair, a léiríonn go bhfuil 62% den phobal ó dheas den tuairim gur chóir don Rialtas níos mó a dhéanamh ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá na torthaí sa phobalbhreith a choimisiúnaigh Tuairisc.ie an-tromchúiseach don Rialtas agus léiríonn siad go ríshoiléir nach bhfuil an Rialtas ag déanamh a dhóthain leis an nGaeilge a chur chun cinn. Tá an Conradh ag éileamh ar an Rialtas admháil nach bhfuil siad ag déanamh a dhóthain agus gníomhú láithreach leis an teanga a chur cinn níos fearr".

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "D'fheadfadh an Rialtas seo a dhéanamh tríd gníomhú láithreach ar na héilimh a chuir Conradh na Gaeilge os comhair an Aire Stáit Joe McHugh ar 24 Meán Fómhair, lena n-áirítear:


AMÁRACH SA CHÁINÁISNÉIS: Buiséad caipitil de €12 mhilliún a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta in 2015 agus ná déan aon chiorrú ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge in 2015


SA CHÉAD 6 MHÍ EILE: Ba chóir Bille na dTeangacha Oifigiúla 2014 (leasú) a chur ar athlá ar feadh sé mhí agus é a fhorbairt le moltaí fiúntacha cuimsitheacha chun feabhas fiúntach a chur ar an líon agus caighdeán na seirbhís a chuirtear ar fáil do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta


LÁITHREACH: Ba chóir an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016 agus chun go dtarlódh sé sin, ba chóir do Rialtas na hÉireann a chur in iúl do Chomhairle an Aontais Eorpaigh láithreach go bhfuil sé ar intinn aige deireadh an mhaolaithe a mholadh ag cruinniú foirmiúil sa bhliain 2015

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 180 craobh
ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha
gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú.
Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann, ar an Iúr agus
áiteanna eile ar fud an oileáin. www.cnag.ie/courses

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge