Skip to main content

Curiarracht dhomhanda bainte amach don Chomhrá Gaeilge is faide riamh!

Tá an churiarracht dhomhanda bainte amach ag Comhrá '14 don chomhrá Gaeilge is faide riamh, a lean ar aghaidh gan stad ar feadh 169 uair a' chloig ó Dé Domhnaigh seo caite, 5 Deireadh Fómhair go dtí Dé Domhnaigh, 12 Deireadh Fómhair, ag 1in.

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge: "Táimid an-tuirseach ach iontach sásta go bhfuil an churiarracht bainte amach againn! Bhí seachtain an-dúshlánach ann ach fuair an feachtas tacaíocht iontach ó ghrúpaí sa phobal a fud an domhain agus is mar gheall air sin gur éirigh leis an gcuriarracht. Tá ardmholadh agus buíochas le dul do gach grúpa a ghlac páirt agus a thug spreagadh agus spiorad don iarracht mar ní bheadh an éacht bainte amach againn gan iad. Ní neart go cur le chéile!"

Bhí Comhrá '14 á shruthú beo ar www.snag.ie agus is tríd an sruthú beo seo a nascadh an tsraith de chiorcail chomhrá Ghaeilge ó áiteanna ar fud na cruinne i rith na seachtaine ar leith seo. Bhí deis ag an bpobal trí chéile páirt a ghlacadh tríd an gcomhrá a leanúint beo ar www.snag.ie agus chuir siad teachtaireachtaí Twitter chuig na rannpháirtithe agus lucht féachana trí úsáid a bhaint as an haischlib #Comhrá14.

Tá clár ama Comhrá '14 agus liosta na ngrúpaí rannpháirteacha le feiceáil ar www.snag.ie agus tá tuilleadh eolais faoin gcuriarracht ar fáil ó oifig Sheachtain na Gaeilge ar +353 (0)1 4757401 nó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Brenda Ní Ghairbhí
Bainisteoir, Seachtain na Gaeilge
+353 (0)86 3649776 / +353 (0)1 4757401

NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a bhíonn ar siúl i mí an Mhárta gach bliain agus a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn, anseo in Éirinn agus thar lear. Bhunaigh Conradh na Gaeilge an eagraíocht sa bhliain 1902. Tá an fhéile tar éis neart fuinnimh a bhailiú le blianta beaga anuas, agus tá sí anois ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn in Éirinn gach bliain, agus in go leor tíortha eile. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine spraoi a bheith acu leis an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon. Déanann eagraíochtaí, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt agus chultúrtha a n-imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge a chlárú leis an oifig gach bliain, agus reáchtáilfear féile na bliana seo chugainn ó 1 – 17 Márta 2015. Tá Seachtain na Gaeilge buíoch d'Fhoras na Gaeilge, príomh-mhaoinitheoir na féile, as an tacaíocht a thugtar don fhéile gach bliain. www.snag.ie

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 180 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann, ar an Iúr agus áiteanna eile ar fud an oileáin. www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.