Skip to main content

Líne leathbhealaigh bainte amach ag an gcuriarracht dhomhanda don chómhrá Gaeilge is faide riamh!

Tá líne leathbhealaigh bainte amach ag Comhrá '14, an churiarracht dhomhanda don chomhrá Gaeilge is faide riamh a cuireadh tús leis Dé Domhnaigh seo caite, 5 Deireadh Fómhair.

Dúirt Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge:

"Tá cúpla lá iontach curtha dínn agus grúpaí timpeall na hÉireann agus chomh fada i gcéin le Los Angeles, Sydney agus Béising fiú tar éis páirt a ghlacadh sa churiarracht! Tá níos mó ná 90 uair déanta againn ach tá dúshlán fós romhainn an chuid eile den tseachtain a chur i gcrích agus a chinntiú go mbeidh grúpaí ag clúdach gach uile uair a' chloig idir seo agus Dé Domhnaigh seo chugainn."

Tá Comhrá '14 á shruthú beo ar www.snag.ie agus tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas 169 uair a' chloig de chaint as Gaeilge gan stad a bhaint amach idir an tús ag 12.00in ar 5 Deireadh Fómhair agus an chríoch ag 1.00in ar 12 Deireadh Fómhair.

Is trí shruthú beo ar www.snag.ie a nasctar an tsraith de chiorcail chomhrá Ghaeilge ó áiteanna ar fud na cruinne i rith na seachtaine ar leith seo. Bíonn deis ag an bpobal trí chéile páirt a ghlacadh tríd an gcomhrá a leanúint beo ar www.snag.ie agus teachtaireachtaí Twitter a chur chuig na rannpháirtithe agus lucht féachana trí úsáid a bhaint as an haischlib #Comhrá14.

I measc na ngrúpaí le páirt a ghlacadh fós, beidh comhráite ag teacht ó scoileanna ar fud na hÉireann, cumainn Ghaelacha tríú leibhéal, foghlaimeoirí Gaeilge in Ollscoil Notre Dame, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus beidh fiú comhrá speisialta ag teacht ó Réadlann Dhún Sinche, áit a mbeidh daltaí de chuid Ghaelcholáiste Chill Dara ar cuairt ann maidin Dé hAoine ag 10.00rn, mar chuid de Sheachtain Dhomhanda an Dearbhspáis 2014.

Tá bearnaí ama fós i sceideal na curiarrachta áfach, go háirithe ag an deireadh seachtaine, agus níos mó grúpaí á lorg chun na bearnaí sin a líonadh. Má tá Gaeilge agatsa agus ag cara nó cairde de do chuid agus má tá fonn dúshláin, cainte agus craic oraibh, féach ar chlár ama na curiarrachta ar www.snag.ie agus déan teagmháil le hoifig Sheachtain na Gaeilge ar +353 (0)1 4757401 nó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. gan mhoill chun lá agus am a chur in áirithe.

CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Brenda Ní Ghairbhí
Bainisteoir, Seachtain na Gaeilge
+353 (0)86 3649776 / +353 (0)1 4757401

Sinéad Ní Dhomhnaill
Oifigeach Tacaíochta, Seachtain na Gaeilge
+353 (0)86 1955515 / +353 (0)1 4757401

NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a bhíonn ar siúl i mí an Mhárta gach bliain agus a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn, anseo in Éirinn agus thar lear. Bhunaigh Conradh na Gaeilge an eagraíocht sa bhliain 1902. Tá an fhéile tar éis neart fuinnimh a bhailiú le blianta beaga anuas, agus tá sí anois ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a bhíonn in Éirinn gach bliain, agus in go leor tíortha eile. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine spraoi a bheith acu leis an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon. Déanann eagraíochtaí, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt agus chultúrtha a n-imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge a chlárú leis an oifig gach bliain, agus reáchtáilfear féile na bliana seo chugainn ó 1 – 17 Márta 2015. Tá Seachtain na Gaeilge buíoch d'Fhoras na Gaeilge, príomh-mhaoinitheoir na féile, as an tacaíocht a thugtar don fhéile gach bliain. www.snag.ie

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 180 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann, ar an Iúr agus áiteanna eile ar fud an oileáin. www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.