Skip to main content

Éist Leis an bPobal A Thaoisigh - Aire Inniúil ar an nGaeilge Uainn

Bhí idir dhíomá agus iontas ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta inné (Dé Máirt, 15 Iúil 2014) nuair a d’fhógair an Taoiseach go mbeadh an Teachta Dála Joe McHugh ina Aire Stáit na Gaeltachta nua toisc go dtuigtear nach bhfuil an Teachta McHugh inniúil ar an nGaeilge. Tá sé beartaithe ag Conradh na Gaeilge agóid ghasta a dhéanamh lasmuigh de Roinn an Taoisigh ag 13.15 inniu, Dé Céadaoin, 16 Iúil 2014, le cur i gcoinne an chinnidh seo de chuid an Taoisigh, ag léiriú go soiléir dó nach bhfuil an pobal sásta lena chinneadh agus go bhfuil gá an fhadhb a réiteach láithreach.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Níl cumas an Aire Stáit nua, Joe McHugh TD, a bheith ina Aire Stáit á cheistiú ag duine ar bith; guíonn muid gach rath air mar Aire Stáit amach anseo. Táimid, áfach, ag ceistiú chinneadh an Taoisigh chun cúraimí na Gaeltachta a thabhairt dó nuair nach bhfuil sé inniúil ar an nGaeilge. Níl sé seo cothrom ar an Aire Stáit nua ná ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Shiúil 10,000 duine ar son ceart agus cothromaíochta do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta i mBaile Átha Cliath ar 15 Feabhra 2014. Má tá an Taoiseach dáiríre ag déanamh ionadaíochta ar son phobal uile na hÉireann, agus tuigeann muid go bhfuil an-spéis aige féin go pearsanta sa teanga, glacfaidh sé an teachtaireacht shoiléir a rinneadh ar an lá sin san áireamh agus déanfaidh an Rialtas freastal níos fearr i nGaeilge ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.

“Dá réir, fiú ag an tráth seo, ba chóir don Taoiseach fós freagracht na Gaeltachta agus na Gaeilge a thabhairt go hAire Stáit eile atá léirithe aige / aici go bhfuil siad inniúil ar an nGaeilge, dála an Aire Stáit Aodhán Ó Riordáin TD atá bainteach leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chomh maith, nó duine sa bhreis atá inniúil ar an teanga a cheapadh, ar nós an Teachta Dála Seán Kyne nó eile.

Seo é an chéad uair ó bunaíodh an Stát nach bhfuil an tAire Stáit le freagracht na Gaeltachta air inniúil ar an nGaeilge. Is ísliú stádais eile é seo do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta nuair a thógtar san áireamh go raibh Aire Sinsearach ann le hinniúlacht sa Ghaeilge le freagracht na Gaeltachta sa Rialtas deireanach, gur íslíodh sin go hAire Stáit le hinniúlacht sa Ghaeilge sa Rialtas nua in 2011, agus anois go bhfuil an Rialtas ag iarraidh sin a ísliú arís go hAire Stáit gan inniúlacht sa Ghaeilge, agus le cúram eile ar an duine céanna (.i. acmhainní nádúrtha). Léiríonn sé seo ar fad easpa tosaíochta do riachtanais an phobail Ghaeilge agus Gaeltachta i gclár oibre an Rialtais reatha.

Arsa de Spáinn:

“Tá sé iomlán mícheart go mbeadh ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta plé leis an Aire Stáit as Béarla amach anseo.”

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh cruinnithe práinneacha leis an Taoiseach leis an bhfadhb seo a phlé agus le cur ina luí air gur gá athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh agus freagracht na Gaeltachta agus Gaeilge a thabhairt go hAire Stáit eile atá léirithe aige / aici go bhfuil siad inniúil ar an nGaeilge - dála an Aire Stáit Aodhán Ó Riordáin TD atá bainteach leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar aon nós - nó duine eile a ceapadh atá inniúil ar an teanga amhlaidh an Teachta Dála Seán Kyne nó eile.

CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)87 6546673

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 16 Iúil 2014
Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá 200 craobh agus iomaí ball aonair ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.