Skip to main content

Plé Práinneach Le Polaiteoirí Ar Chearta Daonna Phobal na Gaeilge & na Gaeltachta Idir Lámha Ag Lá Eolais Chonradh na Gaeilge 2014

Agus cinntí cinniúnacha á nglacadh ag an Rialtas maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ó dheas i láthair na huaire, tá práinn nach beag ag baint leis an lá eolais atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge do Theachtaí Dála agus do Sheanadóirí in Óstán Buswells, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, ó 8.00rn - 6.00in inniu, Dé Céadaoin, 11 Meitheamh 2014.

Arsa Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is léir ón gcanbhásáil do na toghcháin áitiúla is déanaí go bhfuil géarghá ag an bpobal le tuilleadh deiseanna chun a mbuairimh a phlé go díreach lenár n-ionadaithe poiblí, agus is deis dá leithéid é lá eolais Chonradh na Gaeilge chun ionadaithe polaitíochta na tíre a chur i gcomhairle le pobal labhartha na Gaeilge i dtaca le polasaithe agus cinntí a imríonn tionchar ar an bpobal céanna.”

Tá Conradh na Gaeilge ag tabhairt cuireadh do chomhaltaí na Dála agus an tSeanaid teacht le reachtaíocht ríthábhachtach teanga, stádas na Gaeilge san Eoraip agus maoiniú na bhforas Gaeilge agus Gaeltachta a phlé le hionadaithe ón eagraíocht abhcóideachta agus le daoine áitiúla ó na dáilcheantair éagsúla.

Seo an cúigiú bliain do Chonradh na Gaeilge a leithéid d’ócáid eolais agus chomhairliúcháin a eagrú do na polaiteoirí ó dheas, agus beidh deis ag Seanadóirí agus ag Teachtaí Dála dul i mbun comhairle le hionadaithe ó na dáilcheantair éagsúla s'acu féin i dtaca le cúrsaí reatha Gaeilge agus Gaeltachta ag am ar bith idir 8.00rn - 6.00in i gcaitheamh an lae inniu (11 Meitheamh 2014).

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Táimid ag súil le céad polaiteoir ag an ócáid in Óstán Buswells inniu, mar tugann lá eolais Chonradh na Gaeilge deis ríthábhachtach do phobal na teanga cumarsáid a dhéanamh go díreach lena bpolaiteoirí áitiúla chun eolas míchruinn a chur ina cheart, agus chun comhoibriú agus dea-chaidrimh a chothú leo i dtaca le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i measc an phobail ar an talamh. Tá béim á cur ar chearta daonna phobal na teanga a chosaint ag an lá eolais inniu, go háirithe agus forálacha i dtaca le seirbhís as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta agus eile de dhíth ón reachtaíocht teanga atá á plé ag an Rialtas i láthair na huaire.”

Beidh béim ar na leasuithe atá de dhíth ó Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014; ar chothrom na Féinne a thabhairt don Ghaeilge sa cháinaisnéis; agus ar deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach ag an seisiún comhairliúcháin in Óstán Buswells i mbliana, agus is féidir le comhaltaí teagmháil a dhéanamh le Síne Nic an Ailí ag +353 (0)87 6546673 chun cruinniú a eagrú ag am ar bith a oireann dóibh i rith an lae inniu. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)87 6546673
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 11 Meitheamh 2014
Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 180 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann, ar an Iúr agus áiteanna eile ar fud an oileáin. www.cnag.ie/course

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.