Skip to main content

Páirtithe Thuaidh & Theas Sásta Seasamh Le Cearta Gaeilge & Gaeltachta San Eoraip

Tá cairt cuimsitheach leagtha amach ag Conradh na Gaeilge mar áis eolais don phobal sula gcaitheann siad a vóta sna toghcháin an tseachtain seo, agus freagraí na n-iarrthóirí Eorpacha ar cheisteanna maidir le cearta teanga Gaeilge agus Gaeltachta luaite leis.

D’iarr Conradh na Gaeilge ar iarrthóirí sna toghcháin áitiúla agus Eorpacha todhchaí a roghnú don teanga, agus a gcuid tacaíochta a léiriú le gnímh ar son na Gaeilge dá dtoghfaí iad, agus bailíodh freagraí na n-iarrthóirí Eorpacha le chéile ar-líne ag www.cnag.ie chun pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur ar an eolas maidir le tiomantas na n-iarrthóirí sin i leith a gceart teanga.

Arsa Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Beidh an t-eolas faoi thiomantas na n-iarrthóirí ar son na Gaeilge fíorthábhachtach amach anseo leis na daoine a thoghtar a cheangal leis na gealltanais a rinne siad do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta le cúpla mí anuas.

“Tar éis dá dtofa, déanfaidh Conradh na Gaeilge teagmháil le gach iarrthóir a roghnaigh todhchaí don teanga le linn a gcuid canbhásála chun bearta éagsúla ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé leo, agus iad anois ina gcomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa nó ina gcomhairleoirí áitiúla.”

Tá ainmneacha na n-iarrthóirí a roghnaigh todhchaí dár dteanga go dtí seo á scaipeadh ag Conradh na Gaeilge ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta roimh na toghcháin, chun aitheantas a thabhairt dá dtacaíocht agus chun deis a thabhairt don phobal meon na n-iarrthóirí a áireamh sna cinntí atá á ndéanamh acu sna toghcháin ar 22 agus ar 23 Bealtaine 2014.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Ní raibh ach páirtí polaitíochta amháin ó dheas nár fhreagair ar a laghad iarrthóir amháin dá chuid na ceisteanna a chur Conradh na Gaeilge chucu, agus sé pháirtí ó thuaidh, rud a chiallaíonn go bhfuil léargas cuimsitheach de mheon na bpolaiteoirí neamhspleácha agus na bpáirtithe polaitíochta i leith na Gaeilge agus chearta teanga na Gaeltachta ar fáil i gcairt na n-iarrthóirí Eorpacha de chuid Chonradh na Gaeilge.

“Leis an eolas luachmhar seo ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta anois, tá deis ag gach duine againn vóta a chaitheamh ar son na bpolaiteoirí is fearr a chosnóidh ár gcearta teanga, sa bhaile agus san Eoraip, agus todhchaí níos fearr á roghnú againn dár dteanga.”

Tá bileog eolais Chonradh na Gaeilge do na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ar fáil ina hiomláine ar-líne ar http://issuu.com/cnag/docs/29ma2014_bileog_toghchan2014_rp nó ar www.cnag.ie. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

Peadar Mac Fhlannchadha
Timire Náisiúnta, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 4188050 / +353 (0)91 567824

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 20 Bealtaine 2014
Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 180 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann, ar an Iúr agus áiteanna eile ar fud an oileáin. www.cnag.ie/courses

FÍRICÍ AR AN NGAEILGE DO NA HIARRTHÓIRÍ:

  • Tá beagnach 2 mhilliún duine ar oileán na hÉireann a bhfuil cumas éigin sa Ghaeilge acu
  • De réir staitisticí ó Ipsos MRBI ar son an Irish Times
    • tacaíonn 93% den daonra ó dheas leis an nGaeilge a athbheochan nó a chaomhnú (ESRI & OÉ Magh Nuad ar son Mhichíl Mhic Gréil, 2009);
    • tá 35% ar son úsáid na Gaeilge ó thuaidh agus 53% ar son deiseanna breise a bheith ag daoine í a fhoghlaim ó thuaidh (Suirbhé Omnibus TÉ);
    • tá 27% den daonra ó dheas ag tacú leis an nGaeilge mar phríomh-theanga an stáit
  • Tá os cionn 200 gaelscoil idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna ar oileán na hÉireann
  • Tá inmharthanacht na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht i mbaol (de réir an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid Na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2007)
  • Tá luach eacnamúil leis an nGaeilge don gheilleagar, m.sh. is fiú €6 mhilliún don bhaile / chathair a mbíonn an tOireachtas eagraithe ann; is fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar na Gaillimhe go bliantúil; is fiú os cionn €20 milliúin na coláistí samhraidh Gaeilge don gheilleagar
  • Tugann an Ghaeilge buntáistí breise dá lucht labhartha/foghlama, m.sh. bíonn sé níos éasca an tríú agus an ceathrú teanga a shealbhú; bíonn buntáistí cognaíocha ann (.i. smaointeoireacht chruthaitheacht, íogaireacht chumarsáide, fadhbanna a réiteach); bíonn léirthuiscint níos fearr ar oidhreacht an oileáin, srl.

MAOLÚ AR AN NGAEILGE SAN AONTAS EORPACH:

  • Aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach ón 1 Eanáir 2007, ach cuireadh maolú ar an stádas sin, ar dtús ar feadh tréimhse 5 bliana go dtí deireadh 2011, agus arís go dtí deireadh 2016, ionas nach gá na doiciméid dhlíthiúla ar fad a aistrítear go dtí na teangacha oifigiúla eile a chur ar fáil i nGaeilge
  • Tugadh easpa saineolaithe Gaeilge mar chúis don mhaolú, ach níl an easpa sin ann a thuilleadh
  • Anuas air sin níl an deis chéanna ag ionadaithe na hÉireann an Ghaeilge a úsáid san Aontas Eorpach de dheasca easpa ateangairí
  • Is faoi Rialtas na hÉireann atá sé a iarraidh go hoifigiúil ar an Aontas Eorpach gan an maolú ar stádas na Gaeilge a athnuachan agus is gá dóibh an cinneadh sin a ghlacadh go luath má tá an feachtas earcaíochta a mbeadh gá leis idir seo agus 2017 le riaradh i gceart
  • Tá daoine á bhfostú ag an Aontas Eorpach faoi láthair (m.sh. tá 10 bpost do dhlítheangeolaithe le líonadh in 2014), agus bheadh breis is 180 post breise le líonadh roimh 01/01/17 dá gcuirfí deireadh leis an maolú, gan aon chostas breise ar Rialtas na hÉireann
  • Glacadh leis an Mháltais mar theanga oifigiúil in 2004 agus d’éirigh leo fáil réidh leis an maolú a bhain leis an teanga sin taobh istigh de 3 bliana Baineadh é seo amach trí chonarthaí sealadacha a thabhairt do go leor saineolaithe Máltaise chun deis a thabhairt dóibh an tríú teanga a shealbhú agus iad ag obair le hinstitiúidí an Aontais
  • Tá an tríú teanga riachtanach le go bhfaighfeá post buan mar shaineolaí teanga
  • Cé na buntáistí breise a bheidh ann d’Éirinn má chealaítear an maolú ar stádas na Gaeilge san AE?
    • Bheadh an Ghaeilge ar comhchéim le gach ceann eile den 24 teanga oifigiúil san Aontas Eorpach, Máltais, Eastóinis agus Laitvis ina measc
    • Chuirfí 183 post ar ardluach ar fáil idir seo agus 2017 (103 aistritheoir, 32 dlítheangeolaí, 42 rúnaithe agus 6 ceann aonaid) gan aon chostas ar Rialtas na hÉireann
    • Bheadh buntáiste fadtéarmach maidir le tionchar na hÉireann san Aontas Eorpach de réir mar a rachadh líon áirithe de na daoine seo ar aghaidh go dtí poist a bhaineann le réimsí polasaí san Aontas Eorpach
    • Chuirfeadh sé le stádas na Gaeilge in Éirinn, thuaidh agus theas, agus leis an íomhá den teanga sa phobal, ach go háirithe i measc daoine óga in aois scoile agus ag an tríú leibhéil.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.