Cáineann Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge Beartais Fhoras na Gaeilge Deireadh A Chur Le Maoiniú Nuachtán & Irisí Gaeilge

Glacadh leis an rún práinne seo a leanas ag cruinniú de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar an Satharn, 29 Márta 2014:

'Cáineann Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge beartais Fhoras na Gaeilge chun deireadh a chur le maoiniú nuachtán agus irisí Gaeilge. Iarrann an Conradh ar an bhForas tábhacht scríbhneoireacht agus smaointeoireacht na Gaeilge a aithint, agus a dheimhniú go gcuirfidh an Foras maoiniú sásúil ar fáil chun a chinntiú gur féidir leis na meáin chlóite Gaeilge maireachtáil agus forbairt.'

Labhair duine i ndiaidh duine ag an gcruinniú de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge faoi na cinntí a bhí tógtha ag Foras na Gaeilge sa réimse seo le tamall anuas agus luaigh siad an tábhacht a bhain leis an bhfocal scríofa i gcothú agus i mbuanú teanga. Luadh freisin an smaointeoireacht neamhspleách go raibh gá léi as Gaeilge, cothú na nua-litríochta, léirmheastóireacht liteartha agus cur síos as Gaeilge ar ghnéithe éagsúla de chúrsaí reatha agus de chúrsaí polaitíochta agus staire na tíre.

Dar le hÍte Ní Chionnaith, iar-uachtarán Chonradh na Gaeilge agus saineolaí iriseoireachta:

“Tá gá le hearnáil fuinniúil, nua-aimseartha, iriseoireachta Gaeilge a fhreastalóidh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus a thabharfaidh ardán do dhearcaidh éagsúla agus do stíleanna éagsúla scríbhneoireachta laistigh de phobal ilghnéitheach na Gaeilge."

Dúirt sí gur bunaíodh Foras na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud na hÉireann agus cabhrú leis na heagraíochtaí agus na forais a bhí ag saothrú i ngort na Gaeilge, lucht na nuachtán agus na n-irisí Gaeilge ina measc. "D'fhéadfadh na cinntí seo earnáil iomlán na hiriseoireachta Gaeilge a scrios," dar le Ní Chionnaith.

Arsa Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Cathaoirleach Choiste Gnó an Chonartha:

"Feictear dúinn go bhfuil Foras na Gaeilge ag déanamh cinnidh fáil réidh le soláthar agus le seirbhísí luachmhara scríbhneoireachta agus iriseoireachta Gaeilge gan rud éigin nua a chur ina n-áit. Dá réir, níl Foras na Gaeilge ag freastal ar riachtanais ná ar mhianta an phobail, agus iarrann Conradh na Gaeilge ar an bhForas na pleananna atá acu d’earnáil litríochta na Gaeilge a fhoilsiú agus gan pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a fhágáil i bhfolús."

TUILLEADH EOLAIS:

Íte Ní Chionnaith,
Iar-Uachtarán & Ball Reatha den Choiste Gnó, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 4536011 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Cóilín Ó Cearbhaill,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8599067 / +353 (0)1 4757401

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann, ar an Iúr agus áiteanna eile ar fud an oileáin. www.cnag.ie/courses

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge