Roghnaíonn Na Mílte Todhchaí Dár dTeanga ag Lá Mór na Gaeilge

Tagann Daoine Amach Sna Sluaite Ag Tacú Le Pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta Ag Lorg Chothrom na Féinne

Thug busanna ó cheithre chúige na hÉireann aghaidh ar Bhaile Átha Cliath do Lá Mór na Gaeilge Dé Sathairn (15 Feabhra 2014), áit ar bhailigh 10,000 duine ag an nGairdín Cuimhneacháin ar Chearnóg Parnell le siúl go Dáil Éireann chun a gcearta teanga agus comhionannas don Ghaeilge a éileamh.

Is ceiliúradh teaghlaigh agus mórshiúl ollmhór ar son cheart teanga a bhí i Lá Mór na Gaeilge, agus tharraing an mhórshiúl - arna comhordú ag Conradh na Gaeilge - idir bhaill de phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus Bhéarlóirí le dea-mhéin don teanga amach ar na sráideanna sna mílte lena dtacaíocht a léiriú don Ghaeilge.

Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá Conradh na Gaeilge fíorbhuíoch do na sluaite a tháinig amach sna mílte ar shráideanna Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn chun seasamh a ghlacadh ar son a gceart teanga, agus chun tacaíocht an mhórphobail don Ghaeilge a léiriú do na Rialtais thuaidh theas, go háirithe i bhfianaise na drochaimsire a bhí againn ar fud na tíre le seachtain anuas.

“Bhí gach duine den deich míle duine a d’fhreastail ar Lá Mór na Gaeilge sásta seasamh a ghlacadh ar son na teanga agus iad ag gníomhú chun todhchaí dár dteanga a chinntiú. Tá an dúshlán curtha ag lucht Lá Mór na Gaeilge ar na Rialtais thuaidh agus theas anois – an bhfuil siadsan sásta todhchaí a roghnú don Ghaeilge agus gníomhú ar ár n-éilimh láithreach?”

Bhain téama Dearg Le Fearg le Lá Mór na Gaeilge, áit ar chaith formhór an tslua bratacha agus éadaí dearga chun a bhfrustrachas agus a ndíomá leis an easpa tacaíochta don Ghaeilge ón dá Rialtas a léiriú ar bhealach feiceálach, físiúil Dé Sathairn.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Níl pobal na Gaeilge agus Gaeltachta thuaidh theas sásta le ceachtar an dá Rialtas mar gheall nach bhfuil siad ag tacú leo nó ag soláthar cosaint dhlí shásúil dá gcearta bunúsacha daonna lena dteanga a úsáid. Bhí sé mar sprioc ag Lá Mór na Gaeilge brú a chur ar na Rialtais an tábhacht agus an luach a bhaineann leis an teanga don tír a aithint, móide aitheantas a thabhairt don fhíric go bhfuil grá ag móramh ar oileán na hÉireann don Ghaeilge, ach níl sa mhórshiúl ach tús an fheachtais chun cothrom na Féinne a bhaint amach do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud an oileáin.”

D’eagraigh Conradh na Gaeilge Lá Mór na Gaeilge sna sála ar fhógairt Sheáin Uí Chuirreáin, Coimisinéir Teanga, go mbeidh sé ag éirí as oifig ar 23 Feabhra 2014 mar gheall ar easpa tacaíochta an Rialtais ó dheas do chearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Cuireadh dlús leis an bhfeachtas chun cearta daonna a bhaint amach nuair a foilsíodh tuairisc Chomhairle na hEorpa ar 16 Eanáir 2014, áit a luaitear go bhfuil cosc á chur le fás agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar dhearcadh naimhdeach i leith na teanga i Stormont, agus easpa thacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus san oideachas.

Bunaithe ar mholtaí an Choimisinéara Teanga reatha agus ó chruinnithe poiblí timpeall na tíre, is iad na héilimh atá á lorg ag Conradh na Gaeilge agus ag lucht Lá Mór na Gaeilge le ceart agus comhionannas a bhaint amach don teanga ón dá Rialtas ná:

  • Seirbhís stáit as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016;
  • Seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla;
  • Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a achtú ó thuaidh;
  • Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú in 2014;
  • Deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017; agus
  • An pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus sa Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh.

CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Donnchadh Ó hAodha,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 2421267 / +353 (0)1 4757401

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 16 Feabhra 2014
Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Éilimh Chonradh na Gaeilge do Lá Mór na Gaeilge:

  1. Is gá dáta a shocrú go mbeidh Gaeilge líofa ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016 – ní féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit.
  2. Is gá an líon earcaíochta san earnáil phoiblí do dhaoine le hinniúlacht sa Ghaeilge ó dheas a ardú ó 6% go 30% don chéad 10 mbliana eile – ghlacfadh sé breis agus 28 mbliana céatadán na foirne sa Roinn Oideachais agus Scileanna le líofacht sa Ghaeilge a mhéadú ón 1½% atá ann faoi láthair go 3% faoin gcóras nua atá beartaithe ag an Rialtas.
  3. Ocht mbliana ó ghealltanas Rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rímhinn maidir le reachtaíocht Ghaeilge don tuaisceart, is mithid go bhfoilsítear clár ama soiléir, aontaithe le haghaidh reachtú Acht na Gaeilge ceart-bhunaithe.
  4. Is gá Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus ní a lagú in 2014; áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách agus a láidriú leis seo.
  5. Ní chóir go leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017.
  6. Is gá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus na Straitéise don Ghaeilge ó thuaidh. Is gá na struchtúir riachtanacha ardleibhéil a chur ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta láithreach.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann, ar an Iúr agus áiteanna eile ar fud an oileáin. www.cnag.ie/courses

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge