Seasann Seán Ó Cuirreáin Siar Inniu, An Chéad Ombudsman Riamh Le Seasamh Siar De Bharr Easpa Gníomh an Rialtais

Ghlac Conradh na Gaeilge buíochas ó chroí le Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, atá éirithe as oifig inniu, Dé Domhnaigh, 23 Feabhra 2014, mar gheall ar easpa gníomh an Rialtais agus an imeallú den teanga agus den Ghaeltacht atá déanta de bharr an easpa gnímh sin.

Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is mór an chailliúint é Seán Ó Cuirreáin don tír ach tuigeann muid go maith na cúiseanna atá sé ag éirí as. Caithfear an gníomh atá déanta aige a thógáil i gcomhthéacs. Níor éirigh aon ombudsman eile as oifig de bharr easpa gnímh an rialtais riamh in Éirinn ach mhothaigh sé nach raibh an dara rogha aige mar gheall nach bhfuil an Rialtas sásta seirbhísí Ghaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta gan ceist gan coinníoll. Go bunúsach, tá an státchóras ag brú Béarla ar phobal na Gaeltachta agus ag cur le meath na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, níl an Rialtas ag cinntiú a dhóthain státseirbhísigh ó dheas gur féidir leo seirbhísí a chur ar fáil don phobal as Gaeilge nó as Béarla.”

D’fhreastail Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge inniu ar mhórshiúil eagraithe ag pobal na Gaeltachta i gConamara ó Oifig an Choimisinéara Teanga go dtí Oifigí na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le buíochas a chur in iúl don Choimisinéir atá ag éirí as agus len a fearg a chur in iúl don Roinn.  D’fhág siad litir ag léiriú na feirge sin ag Oifigí na Roinne.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Léiríonn an mórshiúl eagraithe ag pobal na Gaeltachta i gConamara inniu, seachtain i ndiaidh Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath ar a d’fhreastail suas le deich míle duine, go mothaíonn an pobal nach bhfuil an Rialtas dáiríre faoi na fadhbanna a shoiléirigh an Coimisinéir Teanga a shárú. Níl a thuilleadh gealltanais folamh nó ráitis ón Rialtas ag cur in iúl go bhfuil siad ag éisteacht ag teastáil uathu. Tá siad ag iarraidh gníomh láithreach.”

Bunaithe ar mholtaí an Choimisinéara Teanga reatha agus ó chruinnithe poiblí timpeall na tíre, is iad na héilimh atá á lorg ag Conradh na Gaeilge le ceart agus comhionannas a bhaint amach don teanga ón dá Rialtas ná:

  • Seirbhís stáit as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016;
  • Seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla;
  • Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a achtú ó thuaidh;
  • Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú in 2014;
  • Deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017; agus
  • An pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus sa Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh.

CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:
 
Donnchadh Ó hAodha,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 2421267 / +353 (0)1 4757401
 
Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 23 Feabhra 2014
Le foilsiú láithreach
 
NÓTA DON EAGARTHÓIR:
 
Éilimh Chonradh na Gaeilge:

  1. Is gá dáta a shocrú go mbeidh Gaeilge líofa ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016 – ní féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit.
  2. Is gá an líon earcaíochta san earnáil phoiblí do dhaoine le hinniúlacht sa Ghaeilge ó dheas a ardú ó 6% go 30% don chéad 10 mbliana eile – ghlacfadh sé breis agus 28 mbliana céatadán na foirne sa Roinn Oideachais agus Scileanna le líofacht sa Ghaeilge a mhéadú ón 1½% atá ann faoi láthair go 3% faoin gcóras nua atá beartaithe ag an Rialtas.
  3. Ocht mbliana ó ghealltanas Rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rímhinn maidir le reachtaíocht Ghaeilge don tuaisceart, is mithid go bhfoilsítear clár ama soiléir, aontaithe le haghaidh reachtú Acht na Gaeilge ceart-bhunaithe.
  4. Is gá Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus ní a lagú in 2014; áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách agus a láidriú leis seo.
  5. Ní chóir go leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017.
  6. Is gá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus na Straitéise don Ghaeilge ó thuaidh. Is gá na struchtúir riachtanacha ardleibhéil a chur ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta láithreach.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann, ar an Iúr agus áiteanna eile ar fud an oileáin. www.cnag.ie/courses

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge