bliain na gaeilge 2018

Grá don Ghaeilge Á Léiriú ag Lá Mór na Gaeilge um Dheireadh Seachtaine Vailintín

Daoine Dearg Le Fearg & Ag Teacht Sna Sluaite Le Tacú Le Pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta

Busanna Móra na GaeilgeLéireoidh na mílte daoine a ngrá don Ghaeilge - agus a bhfearg leis an dá Rialtas as teip na státchóras thuaidh agus theas cothrom na Féinne a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta - ag Lá Mór na Gaeilge, ceiliúradh agus mórshiúl ollmhór ar son cheart teanga arna comhordú ag Conradh na Gaeilge, ag  tosú ag an nGairdín Cuimhneacháin, Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath ar 2.00in AMÁRACH, Dé Sathairn, 15 Feabhra 2014.

An sprioc atá le Lá Mór na Gaeilge ná lucht labhartha na Gaeilge agus iad siúd le dea-mhéin don teanga a spreagadh chun a ngrá don Ghaeilge a cheiliúradh go feiceálach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, chun seasamh a ghlacadh ar son a gceart teanga, agus chun tacaíocht an mhórphobail don Ghaeilge a léiriú do na Rialtais thuaidh theas.

Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá sé mar sprioc ag Lá Mór na Gaeilge brú a chur ar na Rialtais an tábhacht agus an luach a bhaineann leis an teanga don tír a aithint, móide aitheantas a thabhairt don fhíric go bhfuil grá ag móramh ar oileán na hÉireann don Ghaeilge, agus chuige sin tá lucht an lae mhóir ag lorg cothrom na Féinne don teanga.”

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Níl pobal na Gaeilge agus Gaeltachta thuaidh theas sásta le ceachtar an dá Rialtas mar gheall nach bhfuil siad ag tacú leo nó ag soláthar cosaint dhlí shásúil dá gcearta bunúsacha daonna lena dteanga a úsáid. Tá muintir an oileáin ag bailiú le chéile ar 15 Feabhra 2014 agus ag siúl ar son a gceart leis an teanga a úsáid thuaidh agus theas.”

Beidh péinteáil aghaidheanna agus ceol ó leithéidí Seo Linn, Kíla agus Na Fíréin ar fáil mar shiamsaíocht do na teaghlaigh ar fad a bheidh i láthair, agus tá bratacha agus éadaí dearga á gcaitheamh Dé Sathairn, ní hamháin toisc gur dath San Vailintín atá ann, ach mar shiombail go bhfuil an pobal Dearg Le Fearg le heaspa tacaíochta an dá státchórais don teanga.

Tá busanna le lucht tacaíochta na Gaeilge ó cheithre airde na hÉireann ag teannadh ar Bhaile Átha Cliath do Lá Mór na Gaeilge ar 15 Feabhra 2014 as An Srath Bán, Co. Thír Eoghain; Ard Mhacha; Béal Feirste; Boirche Íochtar / Dún Phádraig / Caisleán Uidhlín, Co. an Dúin; An Cabhán; Carn Tóchair, Co. Dhoire; Cathair Dhoire; Cill Dara; Cill Dhéagláin, Co. na Mí; Cluain Eois, Co. Mhuineacháin; Corcaigh; Dún Chaoin, Co. Chiarraí; Dún Dealgan, Co. Lú; Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain; Má Nuad, Co. Chill Dara; Conamara agus cathair na Gaillimhe; Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall; Ráth Chairn, Co. na Mí; agus Tiobraid Árann (*sonraí na mbusanna ar fáil thíos).

Tá Lá Mór na Gaeilge á eagrú sna sála ar fhógairt Sheáin Uí Chuirreáin, Coimisinéir Teanga, go mbeidh sé ag éirí as oifig ar 23 Feabhra 2014 mar gheall ar easpa tacaíochta an Rialtais ó dheas do chearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Cuireadh dlús leis an bhfeachtas chun cearta daonna a bhaint amach nuair a foilsíodh tuairisc Chomhairle na hEorpa ar 16 Eanáir 2014, áit a luaitear go bhfuil cosc á chur le fás agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar dhearcadh naimhdeach i leith na teanga i Stormont, agus easpa thacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus san oideachas.

Dúirt Seán Ó Cuirreáin, Coimisinéir Teanga, agus é roimh Choistí Oireachtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge:

“D’ainneoin tacaíocht ollmhór ag tromlach an phobail i gcoitinne sa tír don teanga, tá sí á ruaigeadh go leanúnach chuig imeall na sochaí, agus áirím anseo cuid mhaith den riarachán phoiblí […]. An rogha a bhí agam ná seasamh siar ó mo cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar bhonn prionsabail le haird a dhíriú ar na ceisteanna seo nó leanúint orm agus, ar an bhealach sin, a bheith páirteach sa chur i gcéill.”

Bunaithe ar mholtaí an Choimisinéara Teanga agus ó chruinnithe poiblí timpeall na tíre, is iad na héilimh atá á lorg ag Conradh na Gaeilge agus ag lucht Lá Mór na Gaeilge le ceart agus comhionannas a bhaint amach don teanga ná:

  • Seirbhís stáit as Gaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016;
  • Seirbhísí Stáit a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla;
  • Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a achtú ó thuaidh;
  • Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú in 2014;
  • Deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017; agus
  • An pobal Gaeilge agus Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus sa Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh.

CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Donnchadh Ó hAodha,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 2421267 / +353 (0)1 4757401

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 11 Feabhra 2014
Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Éilimh Chonradh na Gaeilge do Lá Mór na Gaeilge:

  1. Is gá dáta a shocrú go mbeidh Gaeilge líofa ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll faoi dheireadh 2016 – ní féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit.
  2. Is gá an líon earcaíochta san earnáil phoiblí do dhaoine le hinniúlacht sa Ghaeilge ó dheas a ardú ó 6% go 30% don chéad 10 mbliana eile – ghlacfadh sé breis agus 28 mbliana céatadán na foirne sa Roinn Oideachais agus Scileanna le líofacht sa Ghaeilge a mhéadú ón 1½% atá ann faoi láthair go 3% faoin gcóras nua atá beartaithe ag an Rialtas.
  3. Ocht mbliana ó ghealltanas Rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rímhinn maidir le reachtaíocht Ghaeilge don tuaisceart, is mithid go bhfoilsítear clár ama soiléir, aontaithe le haghaidh reachtú Acht na Gaeilge ceart-bhunaithe.
  4. Is gá Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus ní a lagú in 2014; áirítear Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách agus a láidriú leis seo.
  5. Ní chóir go leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017.
  6. Is gá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a aithint mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus na Straitéise don Ghaeilge ó thuaidh. Is gá na struchtúir riachtanacha ardleibhéil a chur ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta láithreach.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann, ar an Iúr agus áiteanna eile ar fud an oileáin. www.cnag.ie/courses

*Busanna chuig Lá Mór na Gaeilge:

1.    An Srath Bán    
Máirtín - 028 71883300 / 077 46985399 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

2.    Ard Mhacha - 09.30 -  Óstan Chathair Ard Mhacha
Seán - 028 37515229 / 077 16354381 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

3.    Béal Feirste - 10.30 - Ón gCultúrlann
Feargal 028 90438597 -www.facebook.com/MisneachBhealFeirste?ref=ts&fref=ts

4.    Boirche Íochtar / Dún Phádraig / Caisleán Uidhlín
Caoimhe - 028 43768784 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

5.    Carn Tóchair
Joe - 028 7954 9978 - Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

6.    Cathair na Gaillimhe - 10.00 - Ardeaglais na Gaillimhe
Baba - 091 567824 / 087 2338481 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

7.    Cill Dara - 12.45 - Nás na Ríogh
Séamus - 01 4751487 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

8.    Cill Dhéaglán - 13.00 - Pobalscoil Chill Dhéagláin
Maedhbh / Anna - 01 4751487 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

9.    Conamara - 08.45 - Carrchlós Mhuintearas, Tír an Fhia
Sorcha - 087 3382885 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

09.00    Halla Éinne, An Cheathrú Rua            
09.15    Seanscoil Sailearna, Indreabhán            
- Is féidir stopadh sa Spidéal, sna Forbacha & i mBéarna más gá            

10.    Corca Dhuibhne - 07.30 - Ollmhargadh Uí Ghairbhí, An Daingean (ag filleadh 4.30pm)
Feargal - 066 9156305 / 087 4175282 - Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

11.    Corcaigh - 10:00 - Ionad Ghael-Taca, Port Uí Shúilleabháin
Helena - 021 431 0841  / 0863737047 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

12.    Doire - 028 71264132 - Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

13.    Dún Dealgain - 12.15 - Glen Gat Guesthouse / Dundalk Grammar School
Tadhg - 086 8184952 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

14.    Dún Geanainn - Gaelscoil Aodh Ruadh, Dún Geanainn, Co. Thír Eoghain
Conall Eoghan Ó Máirtín - www.facebook.com/conall.omairtin

15.    Gaoth Dobhair - 07.30 - Rann na Feirste (Piocfaidh siad suas duine ar bith atá ag Teach Pháidí Óig)
Máire - 087 6740673 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

07.45    Teach Phobail Dhoire Beaga            
08.00    Teach Andaí Ward            
08.10    Cros Uachtarach Glaise Chú            
08.20    Gort an Choirce            
08.30    An Fál Carrach

16.    Muineachán - 10.45 - Diamond, Cluain Eois
086 3352220 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

17.    Má Nuad - 12.30 - Ollscoil na hÉireann Mhaigh Nuad
Ian - 087 619 4932 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

18.    Ráth Chairn - 11.30 - Áras Pobail Ráth Chairn
Pádraig - 087 2872364 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

19.    An Cabhán - 10.00rn - An tÓstán Criostail
Pádraig Ó Cuinneagáin - Glór Bhréifnee/Craobh an Chabháin, Comhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge - 087 6401682 /  Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge