Fáilte Roimh Fhógairt an Choimisinéara Teanga Nua ach Cáineann Conradh na Gaeilge An Rialtas As Faic A Dhéanamh Maidir Le Moltaí an Choimisinéara Reatha

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh fhógairt an Choimisinéara Teanga nua, Rónán Ó Domhnaill, inniu (Dé Máirt, 11 Feabhra 2014), ach tá cáineadh láidir déanta ag an eagraíocht ar an Rialtas toisc nár fógraíodh go bhfuil moltaí an Choimisinéara reatha á dtógáil ar bord acu ná go bhfuil siad ag gníomhú orthu láithreach. Tá An Coimisinéir Teanga nua á fhágáil i sáinn ag an Rialtas ón tús toisc go bhfuil sé fágtha sa ghort céanna leis na fadhbanna céanna agus creideann Conradh na Gaeilge nach bhfuil sé sin cothrom ar an Uasal Ó Domhnaill.

Is iad na fadhbanna is mó i dtaca le seirbhísí stáit a sholáthar go sásúil do phobal na Gaeilge agus na Gaeilge – mar a shoiléirigh Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga reatha, le déanaí – ná an easpa cur i bhfeidhm de na scéimeanna reachtúla teanga; caighdeán na scéimeanna féin; imeallú na teanga sa chóras riaracháin phoiblí; folús i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla; cinneadh an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman; easpa acmhainní riachtanacha don Oifig lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán; easpa foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge sa státchóras; agus córas lochtach earcaíochta i bpostanna stáit atá le teacht i bhfeidhm in ionad chóras na marcanna bónais. Níor bhain fógairt an Rialtais inniu le haon chuid de na fadhbanna seo a réiteach sula dtosaíonn Rónán Ó Domhnaill i bpost an Choimisinéara.

Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is maith é gur fhógair an Rialtas Coimisinéir Teanga nua agus cuirim fáilte roimh Rónán Ó Domhnaill nuair a thosóidh sé sa phost dúshlánach i ndiaidh 23 Feabhra 2014. Tá an gníomh is tábhachtaí á sheachaint ag an Rialtas áfach, is é sin le rá, cur i bhfeidhm na moltaí atá déanta ag Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga reatha.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Beidh deis ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta thuaidh theas a bhfearg agus a ndíomá a chur in iúl ag Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo chugainn, fearg agus díomá i dtaca leis an tslí a chaith an Rialtas ó dheas leis an gCoimisinéir Teanga reatha go háirithe.

“Tá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar buille leis an Rialtas as an easpa ghnímh agus an easpa dul chun cinn atá déanta lena chinntiú go mbeidh dóthain Gaeilge ag fostaithe an Stáit chun go mbeidh siad in ann freastal go hiomlán as Gaeilge ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll, faoi dheireadh 2016 ar a dhéanaí. Ní mór go mbeadh seirbhísí Stáit á gcur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge trí chéile agus go mbeadh na seirbhísí sin ar comhchaighdeán agus ar comhchéim leis na seirbhísí as Béarla freisin. Táimid ag súil leis na sluaite Dé Sathairn chun na héilimh seo a bhaint amach agus táim cinnte nach sásóidh an easpa tagairt do na buarthaí seo, ná dá réiteach, i bhfógairt an lae inniu pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.”

Tá Lá Mór na Gaeilge á eagrú sna sála ar fhógairt Sheáin Uí Chuirreáin, Coimisinéir Teanga, go mbeidh sé ag éirí as oifig ar 23 Feabhra 2014 mar gheall ar easpa tacaíochta an Rialtais ó dheas do chearta teanga phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Cuireadh dlús leis an bhfeachtas nuair a foilsíodh tuairisc Chomhairle na hEorpa ar 14 Eanáir 2014, áit a luaitear go bhfuil cosc á chur le fás agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar dhearcadh naimhdeach i leith na teanga i Stormont, agus easpa thacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus san oideachas. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Donnchadh Ó hAodha,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 2421267 / +353 (0)1 4757401

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 11 Feabhra 2014
Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá nach mór 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann, ar an Iúr agus áiteanna eile ar fud an oileáin. www.cnag.ie/courses

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge