Skip to main content

An Siopa Leabhar Ag Tacú Le Fiontraíocht Éireannach Le Réimse de Chártaí Dátheangacha um Nollaig

Tá réimse ollmhór de chártaí dátheangacha ar díol ag An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge sa phríomhchathair an Nollaig seo agus iad ag tacú le táirgí déanta in Éirinn ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 agus ar www.cnag.ie/siopa arís i mbliana.

Is cártaí dátheangacha déanta in Éirinn amháin atá ar díol ins An Siopa Leabhar, cártaí ealaíonta leis na comhlachtaí Éireannacha Cártaí Rúbaí, Glencairn Abbey, Cló Mhuire agus Cártaí de Paor ina measc. Rachaidh airgead ó dhíol na gcártaí le Glen Gallery ins An Siopa Leabhar ag dul chuig an gcarthanacht Aware a chabhraíonn le daoine le dúlagar freisin.

Arsa Daragh Ó Tuama, Bainisteoir ins An Siopa Leabhar:

"Bíonn an-tóir ar na cártaí dátheangacha atá ar díol againn ins An Siopa Leabhar tríd an bhliain ar fad, ach bíonn éileamh níos mó ná riamh ar chártaí Nollag as Gaeilge gach bliain.

"Tá gach cárta dár gcuid díolta amach le cúpla Nollaig anuas, mar sin tá an réimse is mó, is fairsinge agus is ealaíonta san ardchathair ar díol againn ins An Siopa Leabhar i mbliana, gan trácht ar scoth na mbronntanas Éireannacha agus Gaeilge atá le ceannach agus a chuirfeadh éad ar Dhaidí na Nollag féin fiú!"

Ní hamháin go bhfuil rogha fhairsing chártaí le ceannach ag pobal Átha Cliath ins An Siopa Leabhar féin in Uimhir 6, ach tá gach cárta agus na hearraí Gaeilge eile atá ar díol sa Siopa ar fáil le hordú ar-líne ar www.cnag.ie/siopa anois freisin.

Tá teacht ag pobal na Gaeilge ar fud na cruinne ar scoth na gcártaí agus na n-earraí is fearr déanta in Éirinn tríd An Siopa Leabhar ar-líne an Nollaig seo, agus sásóidh Santaí Gaeilgeoirí de gach cumas agus de gach aoisghrúpa leis an réimse leathan leabhar, cluichí boird, míreanna mearaí, dlúthdhioscaí, bréagáin, béiríní BábógBaby, DVDanna, agus eile atá ar fáil ón Siopa Leabhar. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS & ORDUITHE:

Daragh Ó Tuama
Bainisteoir, An Siopa Leabhar
087 2302101 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Cillian de Búrca
Cúntóir, An Siopa Leabhar
01 4783814 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 10 Nollaig 2013
Lánchosc: Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

An Siopa Leabhar de chuid Chonradh na Gaeilge ag díol leabhar agus earraí Gaeilge do mhuintir Átha Cliath ó d'oscail sé ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 dhá scór bliain ó shin. Tá réimse leathan leabhar scoile, cártaí dátheangacha, cluichí do pháistí, ábhar múinteoireachta, dlúthdhioscaí ceoil agus go leor eile ar fáil sa Siopa Leabhar agus bíonn sé ar oscailt 6 lá in aghaidh na seachtaine. Is féidir orduithe a dhéanamh ar-líne trí shuíomh An tSiopa Leabhar freisin: www.cnag.ie/siopa

Am Oscailte: Luan – Satharn 09.30 – 17.30

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.