Skip to main content

Teip Eile an Gharda Síochána

Tá An Garda Síochána tar éis seirbhís Ghaeilge a dhiúltú do shaoránach arís agus go leor stró agus brú breise a chur ar an bhfear agus é ar an tslí go dtí ospidéal Beaumont, Baile Átha Cliath, i mí Iúil 2013, de réir fianaise curtha in iúl don chúirt i mBaile Átha Cliath inné, Déardaoin, 5 Nollaig 2013. D’iarr an fear seirbhís Ghaeilge ón nGarda Síochána nuair a stopadh é agus dúirt an Garda leis go mbeadh air Béarla a labhairt leis mar gheall nach raibh Gaeilge ag an nGarda. Is teip iomlán é seo arís ar cheart gach saoránach plé leis an nGarda Síochána as Gaeilge más mian leis an saoránach.

Is ball de Chonradh na Gaeilge é an saoránach a stopadh agus tá an eagraíocht an-bhuartha gur chaith na Gardaí chomh dona leis an bhfear nuair a lorg sé seirbhís as Gaeilge. Bíonn an Conradh ag iarraidh lucht labhartha na Gaeilge, go háirithe daoine óga, a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go poiblí agus go rialta agus tugann cás mar seo droch-theachtaireacht ar fad dóibh, ní amháin nach mbeidh seirbhís Ghaeilge ar fáil ach go bhféadfadh impleachtaí diúltacha breise a bheith ann má bhaintear úsáid as príomhtheanga oifigiúil na tíre.

Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is mór an feall a rinneadh don Chonraitheoir seo agus é ag iarraidh Gaeilge a úsáid leis an nGarda Síochána, mar gur chóir go mbeadh sé in ann a dhéanamh más é sin a rogha teanga. Níl sé maith go leor go bhfuil an stát ag déanamh neamhaird ar chearta daonna shaoránaigh na hÉireann le príomhtheanga na tíre a úsáid. Ba chóir leithscéal a ghlacadh leis an bhfear seo láithreach agus cinntiú nach dtarlóidh cás mar seo riamh arís. Chuige sin, molann Conradh na Gaeilge gur chóir don Gharda Síochána cód cleachtais oiriúnach agus iontaobhach a chur i bhfeidhm do shaoránaigh gur rogha leo an Ghaeilge a úsáid go práinneach.”

Tá an scéal seo níos measa fós nuair a chuirtear san áireamh sonraí den imscrúdú a d’eisigh An Coimisinéir Teanga ar 1 Lúnasa 2012 maidir le heachtra inar sháraigh an Garda Síochána an dualgas reachtúil teanga atá daingnithe i bhfo-alt 18(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, fad agus a bhain sé le fo-alt 1.3 de scéim teanga an Gharda Síochána, áit inar diúltaíodh seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil don ghearánach sular gabhadh é agus tugadh é faoi ghlais lámh go stáisiún Gardaí i nDún Droma, Baile Átha Cliath ar 11 Feabhra 2011. Rinneadh an moladh seo a leanas san imscrúdú i measc moltaí eile:

Go gcinnteodh lucht bainistíochta an Gharda Síochána go bhfuil comhaltaí an fhórsa i gcoitinne ar an eolas laistigh de dhá mhí ó dháta na tuarascála seo faoina ndualgais teanga faoi scéim teanga an Gharda Síochána, go háirithe faoin bhforáil go n-aithníonn an Garda Síochána ceart gach saoránaigh a c(h)uid gnó a dhéanamh i nGaeilge leo.

Is léir ón eachtra leis an gConraitheoir i mBeaumont i mí Iúil nach bhfuil an moladh tábhachtach seo ó Oifig an Choimisinéara Teanga curtha i bhfeidhm go fóill ag an Garda Síochána. Beidh Conradh na Gaeilge ag lorg cruinnithe le Coimisinéir an Gharda Síochána go práinneach chun labhairt leis faoin eachtra i mBeaumont agus go leor leor eachtraí eile atá an eagraíocht ar an eolas faoi a bhaineann leis an Garda Síochána ag diúltú seirbhíse Ghaeilge a chur ar fáil nó / agus impleachtaí diúltacha breise a d’éirigh as na diúltaithe sin. Is gá don Gharda Síochána cód cleachtais oiriúnach agus iontaobhach a chur i bhfeidhm do shaoránaigh gur rogha leo an Ghaeilge a úsáid go práinneach. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Donnchadh Ó hAodha,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 2421267 / +353 (0)1 4757401

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 6 Nollaig 2013
Le foilsiú láithreach

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.