Skip to main content

Cén Fáth Go bhFoghlaimeodh Aon Státseirbhíseach An Ghaeilge A Thuilleadh?

Céim ar chúl eile ón Rialtas seo don seirbhís Ghaeilge do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta

D’fhógair an Rialtas inniu, Dé Céadaoin, 30 Deireadh Fómhair, go mbeidh deireadh curtha leis an scéim marcanna bónais in earcaíocht agus ardú céime sa stát seirbhís. In ionad a aithint go bhfuil fadhbanna leis an gcóras marcanna bónais agus tabhairt faoin gcóras a fhorbairt nó córas sásúil a chur ina áit, tá cuma ar an scéal go bhfuil an Rialtas chun deireadh a chur leis ina iomlán. Tá an córas nua fógartha le cur ina áit, go mbeidh 6% den phainéal earcaíochta sa stát seirbhís amach anseo d’fhostaithe nua le Gaeilge, an-íseal ar fad. Dar ndóigh, beidh an painéal sin le roinnt ar 16 roinn rialtais agus ciallaíonn sin gur beag seans ann go mbeidh aon mhéadú suntasach in aon Roinn go luath do dhaoine inniúil sa Ghaeilge.

Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is buile eile do phobal na Gaeltachta agus Gaeilge é an cinneadh glactha ag an Rialtas inniu chun deireadh a chur le marcanna bónais gan córas sásúil a chur ina áit. Ní leor an socrú nua go mbeidh 6% de phainéal an stát seirbhíse ar fáil d’fhostaithe nua le Gaeilge. In ionad a bheith uaillmhianach, cróga agus an rud ceart a dhéanamh tá an Rialtas chun an tseirbhís Ghaeilge ón Stát do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta a lagú níos mó. Conas  gur féidir a rá go bhfuil seo ag teacht le Straitéis an Rialtais don Ghaeilge 2010-30”.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Níl aon amhras faoi ach go bhfuil praiseach déanta ag gach Rialtas ó na 70í ar aghaidh leis an nGaeilge a spreagadh sa stát seirbhís agus seirbhís ar ardchaighdeán Gaeilge a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Is trua nach raibh an Rialtas seo sásta athcothomrú ceart a dhéanamh agus céatadán de 30% ar a  laghad a roghnú don phainéal d’fhostaithe le Gaeilge agus spreagadh ceart  a chur ar fáil go hinmheánach le hardú céime a nascadh le hinniúlacht sa Ghaeilge.”

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas an céatadán de 6% a ardú go 30% ar feadh tréimhse 5-10 mbliana (ag braith ar an líon earcaíochta déanta) chun a chinntiú go mbeidh fíorfhorbairt sa líon daoine gur féidir leo seirbhís a chur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta. Chomh maith leis sin, is gá córas a chur in áit na marcanna bónais le státseirbhísigh fostaithe cheana féin a mhealladh le cur ar a gcumas seirbhís as Gaeilge a chur ar fáil.

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

RÁITEAS NUACHTA
Dáta: 30 Deireadh Fómhair 2013
Le foilsiú go práinneach

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.