Skip to main content

Acht Gaeilge De Dhíth do Thuaisceart na hÉireann

Tá Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, tar éis ard-mholadh a thabhairt don obair atá déanta ag POBAL ag ullmhú dréacht-Achta Gaeilge do na Sé Chontae agus leanfaidh Conradh na Gaeilge ag comhoibriú le POBAL chun go n-achtófaí ina dhlí é.

Dúirt Mac Cárthaigh, iarrathóir Seanaid i dtoghdas Ollscoil na hÉireann, agus é ag labhairt ag Ard-Fheis 2007:

"Is iad na Sé Chontae an t-aon dúiche in Oileáin Iarthair na hEorpa nach bhfuil cosaint reachtúil ag an teanga dúchais ann. Má tá bláthú na Gaeilge le leanúint sna o thuaidh ní foláir cosaint reachtúil a bheith ann don Ghaeilge agus do lucht a labhartha, cosaint reachtúil a chinnteodh seirbhísí trí Ghaeilge, ionad na Gaeilge sa chóras oideachais agus úsáid na teanga i ngnóthaí poiblí.

"Tacaímid go hiomlán le dréacht-Acht POBAL agus leis an bhfeachtas go n-achtófaí ina dhlí é."

Tuilleadh eolais:
Dáithí Mac Cárthaigh,
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 087 2368364

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.