Skip to main content

Fáilte Mhór Chonradh na Gaeilge roimh Athcheapachán an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Cuív

Guíonn Conradh na Gaeilge gach rath ar gach Teachta Dála a ceapadh agus a athcheapadh i gcomh-aireacht nua na Dála. Tá súil ag lucht an Chonartha go n-éireoidh go thar barr leo agus iad ag tabhairt faoin obair atá rompu amach anseo. Cuireann an Conradh fáilte is fiche, ach go háirithe, roimh athcheapachán an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, agus táthar ag súil go leanfaí leis an obair mhór atá ar bun aige le cúig bliana anuas.

Tá dea-mhéin an mhórphobail agus deiseanna iontacha anois ann chun cur leis an dea-obair sin agus tá lucht an Chonartha ag súil go mór go gcuirfí na dúshláin mhóra atá roimh an Aire - cur i bhfeidhm an Achta Teanga agus Phlean an Rialtais i leith na Gaeilge - i gcrích chomh maith leis an gcomhoibriú nua a bheidh ann idir Roinn Uí Chuív agus Roinn an Aire Oideachais, Mary Hanifan, le teacht ar na bealaí is fearr chun múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fheabhsú sa chóras oideachais.

Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, ‘Is mian liom fáilte mhór a chur roimh athcheapachán an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, thar ceann Chonradh na Gaeilge. D'éirigh leis an Aire Ó Cuív céimeanna móra a thógáil chun tosaigh ó thaobh chur chun cinn agus athnnormálú na Gaeilge le cúig bliana anuas agus tá muidne sa Chonradh ag súil go gcuirfear leis an dul chun cinn sin sna blianta atá romhainn go háirithe i gcur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus i gcur i bhfeidhm Phlean an Rialtais i leith na Gaeilge.

Fáiltím, chomh maith, roimh na dualgaisí breise a thabharfar do Roinn an Aire dul i mbun comhoibrithe leis an Roinn an Aire Oideachais, Mary Hanifan, agus iad ag tabhairt faoi na fadhbanna éagsúla a bhaineann le múineadh agus foghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais.

Iarraim ar an Aire dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht mar thosaíocht a luaithe agus is féidir agus todhchaí na Gaeilge sa Ghaeltacht a dhaingniú agus a chinntiú don ghlúin a thiocfaidh inár ndiaidh.

Tuilleadh Eolais:
Dáithí Mac Cárthaigh
Uachtarán, Conradh na Gaeilge. 
01 4757401 / 087 2368364
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.