Skip to main content

Tumadóireacht, Aisteoireacht, Ceol agus Craic ar Inis Meáin

Is ón 5 - 8 Iúil a thionólfar Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge agus is in Inis Meáin a bheidh an Tionól i mbliana. Tá an Tionól ag filleadh ar Inis Meáin, áit a raibh Tionól na bliana 2005 ar siúl. Tá pacáiste curtha le chéile a chlúdaíonn imeachtaí uilig an Tionóil, idir an turas báid ó Ros an Mhíl, lóistín in Inis Meáin, béile tráthnóna, turais ar an oileán, ceardlanna ceardaíochta, seisiún tumadóireachta nó turas chuig Inis Oírr, seimineár ar chúrsaí pleanála, ceolchoirm agus seisiúin cheoil. Tá an pacáiste seo ar fáil ar phraghas speisialta de €190 don deireadh seachtaine. Tá foirmeacha eolais agus clárúcháin le fáil ó Chonradh na Gaeilge, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh, 091 567824 nó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air., agus ó Ard-Oifig an Chonartha, 6 Sráid Fhearchair, Áth Cliath 2, 01 4757401 nó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..

Tabharfaidh an Tionól deis mhaith eolas a chur ar Inis Meáin ó sheanstair an oileáin, go saol agus ceardaíocht na ndaoine san aimsir a caitheadh  go saol agus tionscal an oileáin sa lá atá inniu ann. Chomh maith leis na himeachtaí a bheidh á n-eagrú don Tionól beidh neart ama freisin eolas a chur ar áilleacht an oileáin agus ar phobal Gaelach Inis Meáin.

I measc imeachtaí an Tionóil beidh deis ag daoine cleachtadh tumadóireachta a dhéanamh agus radharc a fháil ar an saol faoi thonn. Ar ndóigh beidh turas ar an oileán féin chomh maith agus eolas á chur ar fáil faoi stair an cheantair agus ar an am a chaith Synge ar an oileán.

Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Táim ag súil go mór leis an Tionól Gaeltachta ar Inis Meáin. Tá clár imeachtaí den scoth leagtha amach don deireadh seachtaine, idir an dáiríreacht leis an seimineár pleanála go dtí an tsiamsaíocht le dráma ó Aisteoirí Bulfin. Is cinnte go bhfuil rud éigin ann do chách."

Tuilleadh Eolais:
Dáithí Mac Cárthaigh
Uachtarán, Conradh na Gaeilge. 
01 4757401 / 087 2368364
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Peadar Mac Fhlannchadha
Timire Náisiúnta, Conradh na Gaeilge.
091 567824 / 087 4188050
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.