Skip to main content

Seasann an Conradh le Gaeilgeoirí an Tuaiscirt

Beidh mórshiúl ceiliúrtha ar son na héagsúlachta agus na Gaeilge ar siúl i mBéal Feirste Dé Sathairn 16ú Feabhra mar chuid den bhfeachtas TÁ agus beidh Conradh na Gaeilge ag cur bus saor in aisce ann ó Bhaile Átha Cliath. Fágfaidh an bus Ceann-Áras an Chonartha, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 ag a 10 a chlog ar maidin agus fillfidh sé arís um thráthnóna.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Tá sé fíorthábhachtach ár dtacaíocht a thaispeáint don pharáid mar chuid den fheachtas le hAcht Gaeilge a bhaint amach sa Tuaisceart.

Ag am go bhfuil ionsaí á dhéanamh ar an nGaeilge i gcúrsaí oideachais ó dheas agus maidir le cúrsaí ateangaireachta san Aontas Eorpach, is cóir dúinn uile an deis a thapú chun tacú le Gaeilgeoirí an Tuaiscirt agus seasamh a ghlacadh ar son na teanga."

Dúirt Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Forbartha nua an Chonartha: "Tá busanna eile ag fágáil ó áiteanna eile sa tír agus is léir go bhfuil an-spreagadh i ndaoine teacht le chéile lena léiriú gur fiú ár dteanga dhúchais agus go bhfuileadar go mór ar a son.

Tá an Ghaeilge á ceiliúradh mar dhlúthchuid d'ilchultúrachas nua na hÉireann ag an bparáid agus tá ardmholadh ag dul go POBAL, scáth-eagras phobal na Gaeilge sa Tuaisceart, as dul i gcomhar le heagraíochtaí Gaeilge agus le grúpaí eitneacha éagsúla chun an ilchultúrachas sin a chur chun cinn i gcomhpháirt lena chéile.

Tá an Conradh, POBAL agus na grúpaí uile bainteach leis an bparáid ag iarraidh béim a leagadh ar an tábhacht a bhaineann le comhoibriú agus comhchothú cultúrtha in Éirinn."

Fágfaidh an mórshiúl ceiliúrtha Cultúrlann McAdam Ó Fiach ag a aon a chlog agus beidh ceardlanna drámaíochta, scéalaíocht, ceardlanna teangacha eitneacha, péinteáil aghaidheanna agus lámhpheinteáil Indiach ag henna ar siúl, mar aon le suathaireacht cinn Indiach, aonach bia domhanda agus flúirse ceol.

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar chuile duine le spéis sa teanga agus san ilchultúrachas tacú leis an nGaeilge agus freastal ar an ócáid. Is gá suíochán ar bhus an Chonartha a chur in áireamh roimh ré agus is féidir seo a dhéanamh trí ghlaoch ar an Shíne san Ard-Oifig ag 01 4757401 nó trí ríomhphost a sheoladh chuici ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air..


Tuilleadh eolais:
Julian de Spáinn,
Ard-Runaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757

Síne Nic an Ailí,
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 087 6546673

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.