Skip to main content

Ré Spleodrach Nua don Chonradh

Ghlac móramh thar na bearta le bunreacht nua a fhógraíonn ré spleodrach úr do Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis speisialta spreagúil de chuid na heagraíochta i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite, 12 Aibreán 2008.

Chruinnigh idir óg agus aosta ó chraobhacha an Chonartha ó cheann ceann na tíre in Óstán Wynn, Sráid na Mainistreach le vóta a chaitheamh ar cheann de na rúin is radacaí riamh a cuireadh chun tosaigh le buncháipéis cuspóireach na heagraíochta a athchóiriú, agus ghlac móramh mhillteanach leis an mbunreacht leasaithe sna salaí ar dhíospóireacht spreagúil ón urlár.

Arsa Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Ní hamháin go bhfuil áit na Gaeilge ag croílár na heagraíochta á athdheimhniú faoin mbunreacht nua seo, ach fáiltíonn an fhoclaíocht nua roimh Ghaeilgeoirí ó gach cúlra agus ó gach traidisiún le páirt a ghlacadh sa Chonradh, baill aonair agus baill chraoibhe araon, cuma cén dearcadh polaitíochta atá acu, agus is cúis mhór áthais dom an méid sin.

Tugann sé misneach dom freisin go raibh an oiread sin daoine óga fuinniúla ag an Ard-Fheis ag iarraidh ionchur a bheith acu sa chinneadh tábhachtach seo i dtaca le fás agus forbairt an Chonartha amach anseo."

Mar a mhíníonn Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: "Táimid ag cur fáilte roimh phobal uile na Gaeilge craobhacha a chur ar bun mar a rinneadh riamh, ach chomh maith leis sin táimid anois ag cur fáilte roimh daoine aonair ballraíocht a ghlacadh linn agus páirt iomlán ghníomhach daonlathach a ghlacadh sa Chonradh.

Faoin mbunreacht nua seo, beidh struchtúr an Chonartha níos mó in oiriúint do chúinsí agus do riachtanais shochaí nua-aimseartha na haoise seo agus dá réir, is fearr a dhéanfaidh an eagraíocht freastal ar lucht labhartha na Gaeilge ar fud oileán na hÉireann.

Beidh áit i gConradh na Gaeilge ag chuile duine le spéis sa teanga agus ba mhaith liom an deis a thapú le cuireadh a thabhairt d'éinne nach raibh bainteach le hobair an Chonartha go dtí seo clárú linn agus a gcuid a dhéanamh leis an nGaeilge a chur chun cinn."

Tiocfaidh bunreacht nua-leasaithe Chonradh na Gaeilge i bhfeidhm ar an 12 Bealtaine 2008 ag meánlae.

Tuilleadh eolais:

Dáithí Mac Cárthaigh
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 087 2368364 

Julian de Spáinn,
Ard-Runaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.