Skip to main content

Fóram Tumoideachas an Chonartha Ceal Aire Oideachais

Beidh ábhar conspóideach an tumoideachais á chíoradh ag an tUasal Dónal Ó hAiniféin ag Léacht Chonradh na Gaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann, Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2 Dé Máirt an 22 Aibreán 2008 ag tosú ag a 8.00 i.n - ach ní bheidh an tAire Oideachais i láthair.
 
Is iar-Uachtarán Gaelscoileanna Teoranta agus príomhoide reatha Ghaelscoil Mhíchíl Cíosóg é Ó hAiniféin, aoi-chainteoir na Léachta, agus is cinnte go dtabharfaidh sé an-díospóireacht agus léargas ar an ábhar don lucht éisteachta ó tá taighde fíorthábhachtach ar mhúnlaí an luath-thumoideachais iomláin in Éirinn curtha i gcrích aige mar chuid de mháistreacht ealaíon i Teagasc Teangacha (an Ghaeilge) le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le déanaí.
 
Ach cé go bhfuil an CNCM, COGG, Cumann Múinteoirí Éireann, eagrais Ghaeilge ar fud na tíre agus fiú Comhchoiste Oideachais agus Eolaíochta an Oireachtais féin i ndiaidh moladh don Aire Hanafin gur chóir taighde dúchais a dhéanamh sula ndéanfaí aon iarracht ciorclán 0044/2007 na Ranna Oideachais a chur i bhfeidhm, agus ainneoin saineolas Uí Ainiféin go háirithe i réimse an tumoideachais in Éirinn, ní bheidh an tAire Oideachais agus Eolaíochta ag an léacht ríthábhachtach seo, ná níor cuireadh in iúl don Chonradh go mbeadh aon ionadaí ón Roinn Oideachais ag teacht ina háit.

Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá sé scannalach nach mbeidh oiread is ionadaí ón Roinn Oideachais i láthair ag Léacht tumoideachais an Chonartha. Ní foláir don Aire Oideachais cluas éisteachta a thabhairt leis an méid atá le rá ag an bpobal agus saineolaithe araon ar an ábhar seo in ionad bheith brú ar aghaidh le feachtas in aghaidh an luath-thumoideachais iomláin nach bhfuil údar, ciall ná bunús ar bith taighde ag baint leis."
 
Labhróidh an tUasal Ó hAiniféin faoin tumoideachas mar chuid den chóras scolaíochta in Éirinn san am atá thart, sa lá atá inniu ann agus san am atá le teacht mar chuid de Léacht Chonradh na Gaeilge agus pléifidh sé múnlaí luath-thumoideachais iomláin na hÉireann i gcomhthéacs an taighde idirnáisiúnta atá déanta ar an ábhar go dtí seo, mar aon leis an gá le breis thaighde dúchais a dhéanamh.
 
Dúirt Dónal Ó hAiniféin, aoi-chainteoir Léacht an Chonartha 2008: "Déanfaidh mé trácht ar an taighde atá déanta ar an tumoideachas thar lear agus in Éirinn go dtí seo, ar an taighde atá fós le déanamh, agus ar ról an tumoideachais i gcóras oideachais na tíre seo amach anseo, go háirithe i dtaobh cuspóirí cur chun cinn na Gaeilge mar a leagadh amach i ráiteas an Rialtais i leith na teanga i mí na Nollag 2006. Fáilteoidh mé go cinnte roimh cheisteanna agus roimh thuairimí ón úrlár ar an oíche, bíodh siad ar son nó i gcoinne a bheas le rá agam, ó sin atá de dhíth ó cheist an tumoideachais, plé agus díospóireacht oscailte spreagúil."

Níl aon chostas le freastal ar an Léacht ach is gá áit a chur in áireamh roimh Luan 21 Aibreán 2008 trí ríomhphost a chur go Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó trí ghlaoch ar an gConradh ar 01 4757401. Fáiltítear roimh phobal an Bhéarla agus na Gaeilge araon agus beidh córas ateangaireachta comhuaineach ar fáil.

Seolfar leabhrán dátheangach David Little dar teideal "Todhchaí na dTeangacha i gCóras Oideachais na hÉireann: Beartas, Curaclam, Oideolaíocht" ar an oíche freisin.

Tuilleadh eolais:
Dáithí Mac Cárthaigh
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 087 2368364

Julian de Spáinn,
Ard-Runaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.