Skip to main content

Cuir Snas ar do Chúpla Focal!

Beidh trí dhianchúrsa Gaeilge á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge an samhradh seo, ag tosú ar an 10 Meitheamh 2008, chun freastal ar an iliomad duine ag iarraidh feabhas a chur ar an gcúpla focal s'acu, chomh maith le glantosaitheoirí ag iarraidh eiseamláir Des Bishop a leanúint agus an teanga a fhoghlaim as an nua.

Cúrsa trí sheachtaine atá i gceist le gach cúrsa agus tá ceann in aghaidh na míosa á eagrú ag an gConradh de bharr an éilimh mhóir i mbliana. Seo a leanas dátaí na gcúrsaí:

  • 10 - 26 Meitheamh 2008
  • 08 - 24 Iúil 2008
  • 05 - 21 Lúnasa 2008

 Beidh ranganna trí uair a chlog ar siúl dhá oíche in aghaidh na seachtaine (Dé Máirt agus Déardaoin) idir 7.00 agus 10.00in araon.

Déanfaidh leibhéil éagsúla freastal ar fhoghlaimeoirí uile na cathrach, cuma cén cumas teanga atá acu cheana, le ranganna dírithe ar lucht suime gan focal Gaeilge agus ar dhaoine ar bheagán Gaeilge ag iarraidh í a mheabhrú dóibh féin.

Beidh ranganna in oiriúint do chainteoirí le Gaeilge mhaith ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid foghraíochta, gramadaí, nathanna cainte agus foclóra ar fáil freisin agus do dhaoine nach bhfuil ach breis muiníne de dhíth uathu lena scileanna labhartha a fhorbairt.

Beidh rogha ceithre leibhéal ar fáil do gach cúrsa ar an iomlán:

  • Glantosaitheoirí
  • Bunrang
  • Meánrang
  • Ardrang 

Tá costas €170 ar gach cúrsa agus is féidir dul i dteagmháil le Brenda Ní Ghairbhí / Máire Ní Dhuiginn ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó trí ghlaoch ar an gConradh ar 01 4757401 chun breis eolais a fháil agus chun áit a chur in áireamh.

Cuirtear cúrsaí Chonradh na Gaeilge in oiriúint do shiollabais Theastas Eorpach na Gaeilge.

Tá praghas ar lascaine €150 ar fáil d'iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine scothaosta ar phinsean agus eile.

Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i nGaillimh agus in áiteanna eile ar fud na tíre freisin. Bí i dteagmháil linn le breis eolais a fháil mar gheall orthu nó breathnaigh ar rannóg na ranganna ar an suíomh seo ag http://cnag.ie/index.php?page=courses&lang=ga.

Tuilleadh eolais:
Brenda Ní Ghairbhí,
Feidhmeannach Oifige, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 3649776
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.