Skip to main content

Brú Béarla Fhianna Fáil Cáinte

Tá Conradh na Gaeilge ag cáineadh pháirtí Fhianna Fáil as bileog eolais faoi Chonradh Liospóin i mBéarla amháin a scaipeadh ar gach teach sa Ghaeltacht an tseachtain seo caite.

Arsa Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Is masla do phobal na Gaeltachta é scaipeadh bileoga i mBéarla amháin agus déanann sé beag is fiú de chearta teanga phobal na Gaeltachta.

Is cúis díomá go háirithe é toisc gur scaip Fianna Fáil bileoga i mBéarla amháin le linn an toghcháin dheireanaigh freisin, rud a bhí mícheart dar le hÉamon Ó Cuív, Aire Gaeltachta an pháirtí féin."

In ainneoin go bhfuil Fianna Fáil le moladh as na póstaeir lánGhaeilge atá in úsáid acu maidir le Conradh Liospóin ar fud na tíre, is léir nach bhfuil mórán spéise ag an bpáirtí athrú a dhéanamh ar a mbeartas bileoga Béarla amháin a scaipeadh ar mhuintir na Gaeltachta.

Iarrann Conradh na Gaeilge ar Brian Cowen, Taoiseach agus ceannaire an pháirtí Fhianna Fáil féachaint chuige go gcuirtear stop láithreach le scaipeadh bileog i mBéarla amháin agus go n-eiseofar bileog nua dhátheangach in áit na bileoige atá in úsáid faoi láthair.

Iarrann an Conradh ar gach páirtí agus ar gach eagraíocht eile atá i mbun stocaireachta don reifreann bileoga dátheangach a scaipeadh ar mhuintir na tíre agus go háirithe ar mhuintir na Gaeltachta.

Tuilleadh eolais:
Dáithí Mac Cárthaigh
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 087 2368364

Peadar Mac Fhlannchadha
Timire Náisiúnta, Conradh na Gaeilge.
091 567824 / 087 4188050

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.