Skip to main content

Tionól Gaeltachta ar Inis Oírr

Tionólfar Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge ón 3 - 6 Iúil ar Inis Oírr i mbliana. Is é seo an dara uair don Tionól a bheith ar siúl ar an oileán is lú de chuid na hOileáin Árann, é ag filleadh ar an áit ar chruinnigh an Tionól sa bhliain 1995.

Tá pacáiste curtha le chéile do deireadh seachtaine a chlúdaíonn imeachtaí uile an Tionóil leis an turas báid ó Ros a'Mhíl nó Dúlainn, lóistín in Inis Oírr, béile tráthnóna, turais ar an oileán, ceardlanna ceardaíochta, seimineár Gaeltachta, dráma agus seisiún ceoil san áireamh sa phraghas speisialta de €195.

Is gá áit a chur in áireamh láithreach agus tá foirmeacha eolais agus clárúcháin ar fáil ó Chonradh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó trí ghlaoch ar (01) 4757401.

Tá breis eolais ar fáil ó rannóg na n-imeachtaí agus is féidir foirm áirithinte a íoschóipeáil anseo.

Arsa Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tabharfaidh an Tionól seo deis mhaith do dhaoine eolas a chur ar Inis Oírr, ar stair an oileáin agus an tslí bheatha a bhíodh ann, agus ar shaol agus tionscal an oileáin sa lá atá inniu ann araon.

Beidh neart ama ag lucht an Tionóil aithne a chur ar an oileán agus ar phobal Inis Oírr leis."

I measc phríomhimeachtaí an Tionóil a bheas ar siúl thar an deireadh seachtaine, seolfar taispeántas grianghrafadóireachta le Bill Doyle in Áras Éanna agus beidh sé oscailte don phobal ar feadh an ama. Is grianghrafadóir le gaol speisialta aige leis na hOiléain Árann é Bill agus is iomaí grianghraf atá glactha aige i gcaitheamh na mblianta a thugann léargas ar leith ar shaol na ndaoine ann a bheas ar taispeáint san Áras ar Inis Oírr.

Tuilleadh eolais:
Peadar Mac Fhlannchadha
Timire Náisiúnta, Conradh na Gaeilge.
091 567824 / 087 4188050

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge.
01 4757401

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.