Skip to main content

Gaeilge Sna Cúirteanna Gaeltachta

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar na páirtithe polaitiúla uile a chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga na gcúirteanna Gaeltachta amach anseo agus Bille na nDlí-Chleachtóirí (An Ghaeilge) 2007 ag teacht os comhair an tSeanaid arís inniu, 25 Meitheamh 2008.

Ó tá na cúirteanna dúiche á athleagan faoi láthair, tá an Conradh ag iarraidh go dtapófaí an deis an Ghaeltacht a leagadh amach mar aonad ar leith a riarfaí trí Ghaeilge ag foireann ar suim leo amhlaidh a dhéanamh.

Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán an Chonartha: "Ba chóir go mbeadh na breithiúna agus an fhoireann ar na dúichí agus ar na cuarda ina bhfuil limistéir Ghaeltachta iontu tar éis pas a fháil in ardchúrsa Chomhairle Chumann Onórach Óstaí an Rí agus cumas léirithe acu go bhfuileadar inniúil agus toilteanach go leor gnó na cúirte a reáchtáil trí Ghaeilge.

Faoi láthair, is é an Béarla teanga na gcúirteanna sa Ghaeltacht, rud a chuireann go mór le creimeadh na teanga, agus is gá dúinn an deis a thapú le seirbhís sásúil dlí trí Ghaeilge a chur ar fáil do cheantair ina bhfuil Gaeltachtaí iontu trí dhualgas reachtúil a chur i bhfeidhm le breithiúna agus foireann chúirte inniúil ar an teanga a chur sna cúirteanna Gaeltachta."

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh an dualgas reachtúil a bheas ar Chomhairle Chumann Onórach Óstaí an Rí agus ar an Dlí-Chumann aird a thabhairt ar an nGaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil na tíre, agus go háirithe go bhféachfaidh siad lena chinntiú go bhfuil líon dóthanach abhcóidí inniúil sa Ghaeilge ionas gur féidir leo an dlí a chleachtadh trí Ghaeilge chomh maith lena chleachtadh trí Bhéarla, ach ní mór go mbeadh an Ghaeltacht ina aonad a riarfaí trí Ghaeilge freisin ag foireann ar suim leo amhlaidh a dhéanamh mar chuid de Bhille na nDlí-Chleachtóirí.

Tuilleadh eolais:
Dáithí Mac Cárthaigh
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 087 2368364

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 086 8142757

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.