Skip to main content

Daoine Óga Ag Lorg Seirbhísí Gaeilge

Níor fhreagair ach 2% de na daoine óga a ghlac páirt i gceardlanna cumasú Chonradh na Gaeilge an choicís seo caite go bhfógraíonn ranna agus comhlachtaí poiblí na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil acu minic a dhóthain, de réir tuairisc de chuid an Chonartha. Dúirt 81% go lorgóidís seirbhís trí Ghaeilge uaireanta, go minic, an-mhinic nó i gcónaí amach anseo tar éis páirt a ghlacadh i gceardlanna an Chonartha.

Chuir Conradh na Gaeilge tús leis an bhfeachtas Glac Leis an mhí seo le cinnirí na gcoláistí samhraidh i Leitir Mór, Leitir Mealláin, Ros a'Mhíl agus Sligeach a chur ar an eolas faoi na seirbhísí atá siad i dteideal a fháil trí Ghaeilge ó chomhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, agus chun a chur ina luí orthu go bhfuil tacaíocht ann dóibh leis na seirbhísí sin a éileamh.

Mar chuid de cheardlanna spreagúla an fheachtais, d'iarr an Conradh ar na cinnirí dhá cheistneoir a líonadh amach - ceann ag tús agus ceann ag deireadh na ceardlainne - i dtaca leis na cearta teanga atá acu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Ainneoin Gaeilge a bheith ar a dtoil acu, níor éiligh 82% de na rannpháirtithe seirbhís Gaeilge ó roinn stáit nó eagraíocht phoiblí riamh roimhe sin - go minic ó nach raibh a fhios acu go bhféadfadh siad nó nár smaoinigh sin go raibh siad in ann sin a dhéanamh - ach faoi cheann deireadh na ceardlainne, mheas 81% go lorgóidís seirbhís trí Ghaeilge uaireanta, go minic, an-mhinic nó i gcónaí amach anseo. Dúirt 73% go mbainfeadh siad leas as seirbhís tacaíochta an Chonartha mura mbeadh an seirbhís ar fáil i nGaeilge dóibh freisin.

Tá an Conradh ag súil go gcuirfidh an réamhthaighde seo ina luí ar Fhoras na Gaeilge agus ar an Aire Éamon Ó Cuív an tábhacht a bhaineann lena leithéid d'fheachtas Glac Leis an Chonartha chun daoine a chur ar an eolas maidir lena gcearta teanga agus len'iad a spreagadh le seirbhísí Gaeilge a éileamh agus a úsáid. Tá Conradh na Gaeilge ag súil go gcuirfí airgead maoinithe ar fáil leis an bhfeachtas a leathnú amach ar na gaelcholáistí agus na coláistí samhraidh eile fud fad na tíre in am don bhliain seo chugainn.

Tá an Conradh ag moladh do dhaoine glacadh leis go bhfuil gach seirbhís ar fáil trí Ghaeilge agus an t-éileamh do sheirbhísí Gaeilge a léiriú. Má tá aon fhadhb agus seirbhís Gaeilge á lorg agat, is féidir an Conradh a chur ar an eolas trí ríomhphost a chur chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó trí ghlaoch ar an Ard-Oifig ar 01 4757401 agus déanfaidh an fhoireann gach iarracht an scéal a chur ina cheart.

Tá Tuairisc Glac Leis: Camchuairt Chonradh na Gaeilge Iúil 2008 le fáil anseo.

Tuilleadh eolais:
Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 086 8142757

Brenda Ní Ghairbhí
Feidhmeannach, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 086 3649776

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.