Bás Iar-Uachtarán Nollaig Uí Ghadhra

Is cúis mhór bhróin do Chonradh na Gaeilge bás Nollaig Uí Ghadhra, iar-Uachtarán an Chonartha agus Conraitheoir dílis. Fuair sé bás sa bhaile sna Forbacha aréir, Dé Céadaoin 13 Lúnasa 2008. Déanann muintir agus foireann uile an Chonartha comhbhrón ó chroí lena bhaintreach, Máirín, lena chlann Máirín, Dáithí agus Siobhán agus lena chairde agus ghaolta uile. Beidh oifigí an Chonartha ag Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh agus ag 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 dúnta amárach in ómós dó.

Beidh tórramh Nollaig ar siúl sa teach anocht óna 6.00in agus déarfar an paidrín ag a 10.00in. Beidh an tsochraid i séipéal na bhForbacha ag 1.00in amárach agus cuirfear i Reilig an Chnoic ina dhiaidh sin é.

B'iontach an misneach a bhí ag Nollaig le linn a bhreoiteachta agus ba mhór an speagadh an misneach a léirigh sé dúinn uile. Duine lách, cineálta, díograiseach agus ceannródaíoch ba ea Nollaig i ngach gné de shaol na Gaeilge agus é tiomáinte i gcónaí do chur chun cinn na teanga. Ní raibh drogall air riamh labhairt amach ná tabhairt faoin obair chrua "ar son na cúise" agus is iomaí duine eile a spreag Nollaig chun gnímh ar son na teanga.

Ar Mheánscoil Mhuire, Drom Collachair, Co. Luimnigh (1957-1960) agus i Scoil Chónaithe De La Salle i bPort Láirge (1960-1962) a fuair se a chuid meánoideachais. D'fhreastail sé ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh idir na blianta 1962-1966 agus bhain sé céim BA amach sa Ghaeilge agus sa Stair, chomh maith leis an Ard-Teastas san Oideachais. Is i mBaile Átha Cliath a bhí sé lonnaithe sna blianta 1966-1969 ag iriseoireacht don nuachtán Inniu agus do RTÉ.

Ar Ollscoil Harvard Mheiriceá a bhí sé i 1969. Luann sé R. A. Breathnach, Seán A. Ó Murchú (An tOllamh John A. Murphy mar is fearr aithne air anois) agus Noam Chomsky ina measc siúd a chuaigh i gcion air agus é i mbun staidéir.

Thosaigh sé ag obair i 1966 mar iriseoir leis an bpáipéar Gaeilge Inniu. An bhliain ina dhiaidh sin, bhí sé ar fhoireann nuachta RTÉ agus ina léiritheoir cúrsaí reatha go dtí 1969. Idir 1970 agus 1972 d'oibrigh sé mar Oifigeach Eolais le Gaeltarra Éireann agus ina dhiaidh sin mar Bhainisteoir Poiblíochta le Fáilte an Iarthair Teoranta i nGaillimh go dtí 1974. Ceapadh ar fhoireann teagaisc Cheardcholáiste Réigiúnda na Gaillimhe é i 1974 agus Gaeilge, Cumarsáid, Léann Eorpach/Nua -Stair faoina chúram aige. Is ann a bhí sé go deireadh a shaoil ghairmiúil. Ainmníodh é mar bhall de Chomhairle Theilifís na Gaeilge i 1994.
Cé go bhfuil roinnt gearrscéalta agus cúpla dán foilsithe aige, is le scríbhneoireacht fhaisnéise nó thuarascálach is mó a bhfuil an luí aige. Le fada an lá ba é an t-aon mhoóshaothróir sa réimse thábhachtach seo den scríbhneoireacht. Tá foirm na beathaisnéise saothraithe go maith aige le Gandhi (BÁC: Cló Mórainn, 1969); John Boyle O'Reilly (BÁC: FNT, 1976); Éamann Iognáid Rís (BÁC: FNT, 1977); agus Richard J. Daley: Meara Chicago (BÁC: FNT, 1979).

Áirítear an leabhar deireanach sin ar cheann de na beathaisnéisí comhaimseartha is fearr sa Ghaeilge. Ar na leabhair eile ata scríofa aige tá Guth an phobail (BÁC: FNT, 1984); Ríocht roinnte (BÁC: FNT, 1985); Éire agus polaitíocht na hEorpa (BÁC: FNT, 1986); Margail na saoirse (BÁC: FNT, 1988); An chéad Dáil Éireann (1919-1921) (BÁC: Coiscéim, 1989); An Ghaeltacht (oifigiúil) agus 1992? (BÁC: Coiscéim, 1990); agus Gaeltacht Mhaigh Eo (BÁC: Clódhanna Teoranta, ). Le blianta anuas, rinne sé tráchtaireacht mhinic ar thionchar pholasaithe na hEorpa ar an tír seo. Bhuaigh roinnt aisti dá chuid duaiseanna san Oireachtas thar na blianta agus ghnóthaigh sé Duais an Bhuitléaraigh ón Institiúid Chultúrtha Gael-Mheiriceánach i 1982.

Ba bhall dílis de Chonradh na Gaeilge é le fada agus ba bhall den Choiste Gnó é. Bhí sé ina Uachtarán ar an gConradh ó 2004 go 2005, tráth a raibh feachtas an Chonartha chun stádas mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach a bhaint amach don Ghaeilge faoi lánseol. Bronnadh Gradam an Phiarsaigh air i mí Aibreáin 2007 as idéalacha an Phiarsaigh a chur chun cinn.

Go dtuga Dia leaba i measc na naomh dó agus misneach don chuid eile againn chun a aisling agus a eiseamláir a leanúint. Ar dheis Dé go raibh a anam.

Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán

Tuilleadh eolais maidir le socruithe na sochraide:
Peadar Mac Fhlannchadha
Timire Náisiúnta, Conradh na Gaeilge
091 567824 / 087 4188050

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 087 6546673

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge