Skip to main content

Comhdháil Pleanála don Óige

Cad: Comhdháil Pleanála don Óige
Dáta: 13 Samhain 2008
Am: 7.30 - 9.30 i.n.
Áit: Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh 

Tá Conradh na Gaeilge ag reáchtáil Chomhdháil Pleanála do ghrúpaí deonacha ar fud chontae na Gaillimhe ar spéis leo an Ghaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin an Déardaoin seo chugainn, 13 Samhain 2008, in Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh óna 7.30i.n. ar aghaidh.

Beidh béim faoi leith ar chúrsaí óige agus beidh comhdháil an Chonartha ag díriú ar chur chun cinn na Gaeilge i measc na hóige i mbealach praiticiúil, éifeachtach.

Mar chuid den Chomhdháil Pleanála, déanfar athbhreithniú ar an tsraith Champaí Samhraidh a d'eagraigh Conradh na Gaeilge i mbliana agus ar na deiseanna forbartha a chruthaíonn na Campaí seo. Cuirfear comhairle freisin ar ghrúpaí ar mian leo imeachtaí i nGaeilge a eagrú do dhaoine óga ina gceantar féin.

Arsa Áine Ní Iarnáin ó Chonradh na Gaeilge: "Beidh fáilte roimh gach duine ag comhdháil pleanála an Chonartha agus táim ag súil go gcuirfidh an ócáid tús le forbairt réimse leathan seirbhísí óige, i nGaillimh agus i gcéin."

Tuilleadh eolais:
Áine Ní Iarnáin
Conradh na Gaeilge, Gaillimh
091 567824

Peadar Mac Fhlannchadha
Conradh na Gaeilge, Gaillimh
091 567824 / 087 4188050

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.