Skip to main content

Raidió Rí-Rá Beo Ar FM!

Cliath; 106.7 FM  i gCorcaigh; 99.1 FM i nGaillimh; 105.5 FM i Luimneach ón 1 - 22 Márta 2009.

Is é Raidió Rí-Rá an chéad chairt-stáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn agus é ag seinnt na n-amhrán is mó ó na cairteacha gan stad, trí Ghaeilge, ar-líne ag www.RaidioRiRa.ie ó seoladh é i mí Mhárta 2008 faoin ainm oibre Raidió X.

Beidh seirbhís FM de chuid Raidió Rí-Rá á sheoladh Dé Máirt 3 Márta 2009 idir 12.00 - 1.00in ag ógfhoireann Rí-Rá i dteannta aíonna speisialta ag ceithre phreasócáid éagsúil ar siúl ar fud na tíre mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Beidh an tAire Éamon Ó Cuív ag bualadh isteach ar an stiúideo chomh maith chun caint le láithreoirí Rí-Rá agus a thacaíocht a léiriú don ógstáisiún Gaeilge úr seo.

Deir Julian de Spáinn, Comhrúnaí Raidió Rí-Rá: "Beidh teacht ar níos mó na milliúin go leith duine ar Raidió Rí-Rá agus é ar FM le linn mhí an Mhárta, agus is í an craoladh sealadach seo an chéad chéim i dtreo stáisiún raidió lánaimseartha as Gaeilge don aos óg a chur ar an gcóras náisiúnta FM."

Is í Linda Breathnach, aisteoir cláracha mór le rá Gaeilge Ros na Rún agus Seacht, a sheolfaidh an tseirbhís FM i nGaillimh ag ócáid i nGaelscoil Mhic Amhlaidh agus deir sí: "Mar gheall go bhfuil áit chomh mór sin ag na meáin chumarsáide inár sochaí, agus i saol daoine óga go háirithe, is cóir go mbeadh an Ghaeilge mar chuid lárnach de sin. Déanann Raidió Rí-Rá freastal ar Ghaeilgeoirí óga na tíre tríd an gceol is fearr leo a  sheinnt gan stad leis an gcaint ar fad trí Ghaeilge ar an stáisiún."

Tá Raidió Rí-Rá ag craoladh beo ar an gcóras FM buíochas le ceadúnas sealadach ilcathrach a bhronn Coimisiúin Craolachán na hÉireann air. Tá an tseirbhís FM Rí-Rá curtha ar fáil le tacaíocht ón bpríomhurraitheoir corparáideach Samsung agus le cabhair ó Chonradh na Gaeilge.

Chomh maith le cláracha amhlaidh PopNuacht agus Top40 Oifigiúil na hÉireann atá cheana féin ar fáil ar líne ag www.RaidioRiRa.ie, tá seónna beo á gcraoladh trí mheán na Gaeilge, mar aon le cláracha speisialta curtha i láthair ag a leithéid Clíona Ní Chiosáin, príomhcharachtar sa sraith teilifíse Aifric  a bhuaigh gradam IFTA le déanaí. Tá an scéal is déanaí ó imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ar fud na tíre á luaigh ar Rí-Rá gach uair a chlog agus tá deis ag éisteoirí iarratais cheoil a chur isteach ar shuíomh an stáisiúin, dul i dteagmháil le láithreoirí ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air., agus teachtaireachtaí téacs a sheoladh isteach chuig 085 1328000 le linn an chraolacháin bheo.

Tuilleadh eolais:
Julian de Spáinn
Comhrúnaí, Raidió Rí-Rá
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Seán Ó hAdhmaill
Oifigeach Caidrimh Poiblí, Raidió Rí-Rá
085 7077932
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.


PREASÓCÁIDÍ:
Imeacht: Seoladh speisialta sa stiúideo
Aoi:  Eoghan Mac Diarmada, láithreoir Pop4 & aisteoir (Seacht, TG4)
Áit:   Stiúideo Raidió Rí-Rá, 7/8, Sráid an Mhóta Uachtarach, Baile Átha Cliath 2.
Am:  Dé Máirt 3 Márta 2009 @ 12.00
Teagmháil: Julian de Spáinn +353 (0)86 8142757 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)1 4757401

Imeacht: Páistí Gaelscoile ag canadh lá breithe shona do Raidió Rí-Rá
Aoi:  Linda Breathnach, aisteoir (Seacht & Ros na Rún, TG4)
Áit:   Gaelscoil Mhic Amhlaigh, An Coirnín Mór, Cnoc na Cathrach, Gaillimh.
Am:  Dé Máirt 3 Márta 2009 @ 12.20
Teagmháil: Áine Ní Iarnáin +353 (0)91 567824/ Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Imeacht: Daltaí meánscoile ag canadh leagan Gaeilge den amhrán Apologise le Timbaland & One Republic
Aoi:  Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge
Áit:   Gaelcholáiste Luimnigh, Bóthar na nDugaí, Luimneach.
Am:  Dé Máirt 3 Márta 2009 @ 12.40
Teagmháil: Michelle Nic Shuibhne 087 2373886/ Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)64 26486

Imeacht: Mic léinn ollscoile ag déanamh an haka rugbaí as Gaeilge
Aoi:  Donnchadha Ó hAodha, léachtóir Ollscoil Chorcaí & Tánaiste Chonradh na Gaeilge
Áit:   An Chearnóg, Ollscoil na hÉireann, Corcaigh.
Am:  Dé Máirt 3 Márta 2009 @ 1250.00
Teagmháil: Michelle Ní Mhurchú +353 (0)86 1010516 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.


NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Raidió Rí-Rá: Is é Raidió Rí-Rá an ógstáisiún raidió is úire in Éirinn agus é ag craoladh go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá an raidió ar fáil ag www.raidiorira.ie 24 uair a chloig sa lá, 365 lá sa bhliain. Seinntear ceol ó na cairteacha air gan stad air ó seoladh é i mí Márta 2008 agus tá sé dírithe ar an aoisghrúpa 15-35 bliana d'aois. Is féidir le héisteoirí cluas a chur leis cnaga ceoil ar fad, vótáil do na hamhráin is fearr leo, teacht ar an bpopnuacht is déanaí agus ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann, agus iarchláracha a íoschóipeáil. www.raidiorira.ie 

Samsung: Is comhlacht ón gCóiré é Samsung a dhéanann earraí leictreonacha dá leithéid gutháin phóca agus teilifíseáin. Is príomhurraitheoir Sheachtain na Gaeilge 2009 é agus tá sé ar cheann de na príomhchomhlachtaí sa réabhlóid teicneolaíochta atá ag cur an Ghaeilge chun tosaigh san aois dhigiteach. Cuireadh an Samsung Tocco, an chéad fón Gaeilge, ar an margadh i mí Bealtaine 2008. Ó mhí Eanáir 2009, tá gach guthán dá chuid ina Ghael Fón le clár feidhmiúcháin agus tuarthéacs trí Ghaeilge air. www.samsung.com.ie

Conradh na Gaeilge: Is é Conradh na Gaeilge an phríomheagraíocht dheonach agus fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. www.cnag.ie

Seachtain na Gaeilge: Is féile ollmhór idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge. Bíonn na mílte imeachtaí eagraithe i rith na seachtaine agus freastalaíonn na céadta míle duine ar na himeachtaí sin. Is í aidhm Sheachtain na Gaeilge ná an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn agus daoine a mhealladh len'iad a bhlaiseadh. Is é ‘Croí na Teanga - It's You' mana na seachtaine lena chur in iúl do chuile duine go bhfuil an teanga agus an cultúr ann do chách le húsáid, agus go bhfuil ról lárnach ag gach duine len'í a chur chun cinn. Beidh Seachtain na Gaeilge i mbliana ar siúl idir 2 agus 17 Márta 2009. http://www.snag.ie/

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.