Skip to main content

Ról na Gaeilge sa Gheilleagar

Údar Capitalising on Culture, Competing on Difference le labhairt ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge san Aonach 

Is é an téama atá roghnaithe d'Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana ná Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann toisc an cúlú eacnamaíochta a bheith ina bhagairt ar eagraíochtaí deonacha, agus ar an bpobal trí chéile, fud fad na tíre.
 
Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Sa ghátar eacnamaíoch ina bhfuilimid, beidh géarghá le luachanna pobail a chothú ar mhaithe le hathnuachan a dhéanamh ar an eacnamaíocht, agus creideann an Conradh go bhfuil an Ghaeilge ag croílár na luachanna sin.
 
"Sna sála ar bhuiséad an lae amárach (07 Aibreán 2009), is cinnte go mbeidh níos mó gá ná riamh le fiontraíocht agus le nuálaíocht i dtaca le foinsí airgid úra a aimsiú i gcás eagraíochtaí deonacha mar Chonradh na Gaeilge i gcoitinne, le go leanfaidh an obair riachtanach ar son an phobail ar aghaidh. Táimid ag ullmhú don dúshlán."
 
Tionólfar Ard-Fheis an Chonartha 2009 in Óstán Abbey Court, An tAonach, Co. Thiobraid Árann ón 8 - 10 Bealtaine 2009 agus cuirfear tús oifigiúil leis an Ard-Fheis oíche Aoine ag 9.00in. Is é an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin, oideachasóir, a thabharfaidh caint na hArd-Fheise ar an oíche úd agus is é Fiúntas na Gaeilge sa Ré Nuálaíoch - Ról Radacach don Chonradh teideal a óráide.

Is iar-ollamh é an tUasal Ó Brolcháin de chuid Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, agus léiríonn a leabhar Capitalising on Culture, Competing on Difference (i gcomhar le James J. Kennedy) fiúntas eacnamaíoch na teanga sa saol nua-aoiseach.
 
Tá leagan leictreonach de chlár iomlán Ard-Fheis an Chonartha le fáil ar-líne anseo mar aon le foirm lóistín, nó is féidir lóistín a chur in áirithe le Máiread Seoighe ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / 01 4757401.
 
Tuilleadh eolais:
Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
066 7124169  / 087 2901154

Peadar Mac Fhlannchadha
Timire Náisiúnta, Conradh na Gaeilge.
091 567824 / 087 4188050

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.