Skip to main content

Fiúntas Eacnamaíochta na Gaeilge

Léirigh aoi-chainteoir Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge Fionnbarra Ó Brolcháin an ríthábhacht a bhaineann leis an nGaeilge a chur ag croílár fiontraíocht nuálaíoch na hÉireann amach anseo ag oscailt na hArd-Fheise san Óstán Abbey Court, an tAonach, Co. Thiobraid Árann oíche Aoine 08 Bealtaine 2009.

Thug an geilleagraí agus comh-údar an leabhair Capitalising on Culture, Competing on Difference* Fionnbarra Ó Brolcháin óráid dár teideal Fiúntas na Gaeilge sa Ré Nuálaíoch - Ról Radacach don Chonradh Dé hAoine, 08 Bealtaine. Is é Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann an téama tráthúil a roghnaigh an eagraíocht don Ard-Fheis i mbliana. Conas an tairbhe ghnó is mó a bhaint as an nGaeilge agus as féiniúlacht chultúrtha na tíre a bheidh faoi chaibidil thar an deireadh seachtaine.

Dúirt an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin: "Ní leor acmhainní inláimhsithe mar airgead agus teicneolaíocht amháin chun muid a tharrtháil ón gcúlú eacnamaíochta seo: braitheann buntáiste iomaíoch inbhuanaithe na hÉireann ar a bheith éagsúil, ar a bheith uathúil.

"I sochaí atá níos domhandaithe ná riamh, níl gné níos uathúla ná níos éagsúla dínn ná ár dteanga dhúchais; an teanga dhúchais a dheineann muid a shainiú mar phobal nuálaíoch ar leith, mar phobal féinmhuiníneach ar leith - pobal nach bhfuil a leithéid ar fáil aon áit eile - agus ar an mbonn sin is fearr is féidir fiontraíocht agus buntáiste iomaíoch a chothú in Éirinn sa ré nuálaíoch."

Dúirt an tOllamh Fionnbarra Ó Brolcháin go dtugann beartais a aithníonn nádúr and mothúcháin na sochaí - an dúchas a thiomáineann cúrsaí gnó na tíre - buntáiste iomaíoch inathraithe do thír i ré na nuálaíochta, agus go bhfuil ról tábhachtach ag Conradh na Gaeilge maidir leis an teanga a chur ag croílár na mbeartas nua seo agus forbairtí fiúntacha eacnamaíochta a chothú astu.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá an Conradh lán-ullamh an deis a thapú agus tabhairt faoin dúshlán a chuir Fionnbarra os ár gcomhair anocht,  d'fhonn buntáiste iomaíoch na hÉireann a fhréamhú i bhféiniúlacht chultúrtha na tíre agus sa teanga Ghaeilge; mar seo a thiocfaimid ar shlite úra fiontraíochta agus forbartha gnó don ré nuálaíoch, chun go dtiocfaimis slán as an gcúlú eacnamaíochta."

CRÍOCH

*Bradley, Finbarr agus Kennelly, James J., Capitalising on Culture, Competing on Difference: Innovation, Learning and Sense of Place in a Globalising Ireland (Baile Átha Cliath: Blackhall Publishing, 2008), réamhrá le Dermot Desmond

Tuilleadh eolais:
Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
066 7124169  / 087 2901154 

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757

NÓTA DON EAGARTHÓIR: 

Is iar-ollamh airgeadais agus fiontraíochta é an tUasal Fionnbarra Ó Brolcháin de chuid Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Chaith sé tréimhsí ag teagasc in Ollscoil Michigan, Ollscoil Fordham agus Ollscoil Nua Eabhrac sna Stáit Aontaithe, chomh maith le Scoil Eacnamaíochta Helsinki sa bhFionlainn. Léiríonn a leabhar Capitalising on Culture, Competing on Difference (i gcomhar le James J. Kennedy) fiúntas eacnamaíoch teanga agus chultúr na hÉireann sa saol nua-aoiseach. http://www.intinn.ie/
 
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893 tá baill an Chonartha ag obair chun an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach gné de shaol na tíre, agus ag saothrú go díograiseach chun úsáid na teanga a chothú ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú anois mar bhall aonair an Chonartha freisin. Eagraítear Ard-Fheis na heagraíochta in áit éagsúil gach bliain. Bíonn deis ag craobhacha agus ag baill aonair rúin a chur os comhair na hArd-Fheise chun gnó na heagraíochta a stiúradh i  gcaitheamh na bliana  dar gcionn, agus déantar Uachtarán agus Coiste Gnó na heagraíochta a thoghadh freisin. Is é Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann téama na hArd-Fheise 2009. http://cnag.ie/

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.