Iarrthóirí Eorpacha Ar Son na Gaeilge

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar an bpobal tacú leis na polaiteoirí is mó atá sásta gníomhú ar son na teanga ag leibhéal na hEorpa sna toghcháin Eorpacha ar an 5 Meitheamh 2009, go háirithe i dtaca le húsáid na Gaeilge i bParlaimint na hEorpa agus le deireadh a chur le maolú stádas na teanga san Aontas Eorpach.

Chuige seo, scríobh an Conradh chuig iarrthóirí na hEorpa ó na príomhpháirtithe polaitíochta maidir lena ndearcadh ar an nGaeilge san Aontas Eorpach agus d'ullmhaigh cáipéis eolais bunaithe ar na freagraí a thug na hiarrthóirí le scaipeadh ar bhaill an Chonartha agus ar phobal vótála na tíre trí chéile.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Tá dea-shampla ó thaobh labhairt na Gaeilge léirithe ag iar-fheisirí na hEorpa cheana, agus is ábhar dóchais don Chonradh agus do phobal na Gaeilge é go bhfuil tromlach na n-iarrthóirí sa toghchán seo chomh toilteanach, sásta céanna tabhairt faoin nGaeilge a labhairt i bParlaimint na hEorpa má thoghtar iad. Ba mhaith dá leanfadh Teachtaí sa pharlaimint anseo sa bhaile a n-eiseamláir agus níos mó Gaeilge a labhairt sa Dáil chomh maith."

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: "Ní hamháin go bhfuil sé soiléir go dtuigeann formhór na n-iarrthóirí go bhfuil sé ríthábhachtach go labhródh ár bhfeisirí Eorpacha Gaeilge i bParlaimint na hEorpa, ach tuigeann siad freisin go gcaithfear deireadh a chur leis an maolú a bhaineann le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach. Faoin maolú atá i bhfeidhm faoi láthair, ní bhíonn ar an AE gach dlí a chur ar fáil as Gaeilge ach tá míbhrí á baint as an maolú chun leagan Gaeilge den iliomad cáipéisí agus den iliomad seirbhís a shéanadh ar phobal na hÉireann le hais phobail na dteangacha oifigiúla eile ar nós Máltaise, Slóvéinise, agus eile. Is é an leithscéal atá in úsáid ag an Aontas agus ag Rialtas na hÉireann ná nach bhfuil dóthain aistritheoirí, ateangairí agus dlítheangeolaithe ar fáil le freastal ar na dualgais a bheadh i gceist le stádas gan maolú, ach níl an tAontas ag fostú na ndaoine atá cáilithe cheana agus in ann don obair."

"Níor fhostaigh an tAontas Eorpach ach leath na ndaoine a chuir siad féin ar phainéal mar aistritheoirí agus ar éirigh leo ar fad i gcomórtas a reáchtáil an tAontas féin do phostanna aistriúcháin Gaeilge, ach tá géarghá aistritheoirí cáilithe a fhostú sna hinstitiúidí Eorpacha anois díreach le go mbeidh cothromaíocht ag an nGaeilge leis na teangacha oibre eile." CRÍOCH

Tuilleadh eolais:
Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
066 7124169 / 087 2901154

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 086 8142757

NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Maolú ar Stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach

  • Tá an Ghaeilge ina teanga oifigiúil san Aontas Eorpach ó 1 Eanáir 2007, de bhun Rialachán Comhairle 1/1958 mar atá leasaithe, ach tá maolú ann go deireadh 2010 ar féidir a athnuachan gach 5 bliana ina dhiaidh sin (Rialachán 920/2005). Faoin maolú seo, ní bhíonn ar an AE gach dlí a chur ar fáil as Gaeilge ach amháin rialacháin a dhéanann Comhairle na nAirí agus Parlaimint na hEorpa in éineacht.
  • Tá míbhrí á baint as an maolú seo chun leagan Gaeilge den iliomad cáipéisí agus den iliomad seirbhís a shéanadh ar phobal na hÉireann le hais phobail na dteangacha oifigiúla eile ar nós Máltaise, Slóvéinise, srl. Maítear nach gá ach rialacháin ón gcomhchinneadh a aistriú. Bhí an maolú ceanann céanna ag an Máltais tráth (Rialacháin 930/2004) ach ní dhúntaí an Mháltais amach ó ghnóthaí an Aontais dá dheasca faoi mar a dhéantar anois le Gaeilge.
  • Is é an leithscéal atá in úsáid ag an Aontas agus ag Rialtas na hÉireann ná nach bhfuil dóthain aistritheoirí, ateangairí agus dlítheangeolaithe ar fáil le freastal ar na dualgais a bheadh i gceist le stádas gan maolú. Ag an am céanna, áfach, níl an tAE ag fostú na ndaoine atá cáilithe cheana agus in ann don obair. Níor fhostaigh siad ach leath na ndaoine a chuir siad féin ar phainéal mar aistritheoirí agus ar éirigh leo ar fad i gcomórtas do phostanna aistriúcháin a reáchtáil an tAE féin.
  • Íocann an tAE as na postanna teanga seo ó lárchiste aistriúcháin an AE faoi mar a dhéantar i gcás na dteangacha oifigiúla eile. Íocann Éire isteach sa chiste seo. Seo deiseanna iontacha fostaíochta dá gcuirfeadh polaiteoirí na hÉireann chuige.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge