Skip to main content

Ní Cumas don Roinn Oideachais Cúram a Dhéanamh den Ghaeilge

Creideann Conradh na Gaeilge gur tubaist don teanga agus don Ghaeltacht trí chéile a bheadh ann dá gcuirfí moltaí ó thuarascáil an Bhoird Snip Nua a foilsíodh inné, 16 Iúil 2009, i bhfeidhm ar bhealach a chuirfeadh deireadh leis an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. 

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Iarrann an Conradh ar an Rialtas gan seirbhísí Gaeilge na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a chur de dhualgas ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Níl sé de chumas ná d'acmhainn ag an Roinn Oideachais cúram a dhéanamh díobh.

"Tá an Roinn Oideachais fós ag iarraidh deireadh a chur leis an luath-thumoideachas iomlán i nGaelscoileanna an Stáit, in ainneoin go n-aithníonn oideachasóirí sa bhaile agus go hidirnáisiúnta gurb é seo an bealach is fearr leis an dara teanga a mhúineadh. Is ionsaí tromchúiseach é polasaí seo na Roinne Oideachais agus Eolaíochta ar sheachadadh na teanga ó ghlúin go glúin sa Ghaeltacht, chomh maith. Tuigtear as seo go bhfuil naimhde ag an teanga shinseartha ag an leibhéal is airde sa Roinn sin."

Níl ach 3% d'fhoireann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta in ann seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge de réir na bhfigiúirí is déanaí ón Roinn agus dá réir, creideann Conradh na Gaeilge nach bhfuil ar chumas na Roinne sin freastal ar phobal na Gaeilge go sásúil, sa Ghaeltacht ná lasmuigh de.

Ag trácht ar an moladh go gcuirfí deireadh leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) leis, dúirt Mac Fhearghusa: "Aithníonn an Conradh go bhfuil obair riachtanach á dhéanamh ag COGG i dtaca le múineadh agus foghlaim na Gaeilge inár scoileanna fud fad na tíre, agus ní beag an damáiste don teanga gur fógraíodh nach bhfuiltear ag dul chun cinn faoi láthair leis an ionad náisiúnta oideachais i mBaile Bhuirne.

"Ba thubaist amach is amach é don teanga dá gcuirfí deireadh le saothar COGG, agus níos measa fós dá gcuirfí seirbhísí Gaeilge na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta de dhualgas ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta", arsa Uachtarán an Chonartha.

"Más dóigh leis an Rialtas agus le hOireachtas Éireann féin, go bhfuil freagracht orthu i leith na Gaeilge sa chomhthéacs náisiúnta, agus fiú sa chomhthéacs Eorpach, ná cruthaítear fadhbanna tubaisteacha breise do phobal na teanga. Luach ar airgead atá uainn, ní scrios ar dhea-obair."

Tuilleadh eolais:

Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
066 7124169 / 087 2901154

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge.
01 4757401 / 087 6546673

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.