Skip to main content

Comhbhrón ar Bhás Cháit Uí Chadhain

Is cúis mhór bhróin do Chonradh na Gaeilge bás Cháit Uí Chadhain, bean uasal mhisniúil as Gaeltacht Chonamara a chaith formhór a saoil i mBaile Átha Cliath. Bhí Cáit an-ghníomhach i ngnéithe éagsúla de shaol na Gaeilge sa chathair. Thóg sí a clann le Gaeilge, d'fhreastail sí ar imeachtaí Gaeilge agus is beag agóid a bhain leis an nGaeilge nó leis an nGaeltacht nach raibh sí páirteach ann nuair a bhí sí ina sláinte.

Bhí baint ar leith ag Cáit le feachtas Chonradh na Gaeilge ar son seirbhíse teilifíse as Gaeilge agus i 1983 chaith sí ceithre lá i bpríosún dá bharr. Le cúnamh Chonradh na Gaeilge, thóg sí cás chuig an gCúirt Uachtarach ag tarraingt aird ar fhaillí RTÉ i leith na Gaeilge agus ag maíomh nárbh ghá di ceadúnas a cheannach ós rud é nach raibh RTÉ ag cur seirbhíse ar fáil do phobal na Gaeilge ná na Gaeltachta.

Arsa Íte Ní Chionnaith, Iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Cé gur cailleadh cás Cháit Uí Chadhain ar deireadh, ba bhua an-mhór é ag an am go ndeachaigh an cás chomh fada sin. Tionscnaíodh naoi gcás cúirte ar fad in éadan Cháit faoin gceadúnas teilifíse ach sheas sí an fód go diongbháilte."

Déanann Conradh na Gaeilge comhbhrón ó chroí lena clann agus lena muintir uile.

I measc laochra na Gaeilge agus na hÉireann go raibh a hanam.

Tuilleadh eolais:
Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge.
066 7124169 / 087 2901154

Íte Ní Chionnaith
Iar-Uachtarán, Conradh na Gaeilge
01 4536011

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.