Nuachtáin Bhéarla na hÉireann Dall ar Chultúr Phobal na Gaeilge (2)

Beidh Léacht Nollaig Uí Ghadhra ar siúl in Acadamh Ríoga na hÉireann, Sráid Dhásain, Baile Átha Cliath 2 ag 7.00 i.n. Dé Máirt, 22 Meán Fómhair 2009, agus is é Saothrú na Gaeilge ar Nuachtáin Náisiúnta Bhéarla na hAoise Seo Caite: Sop nó Solamar? an téama a bheidh faoi chaibidil ag an Ollamh Nollaig Mac Congáil ar an oíche.

Athainmníodh léacht bhliantúil Chonradh na Gaeilge in ómós do Nollaig Ó Gadhra a cailleadh anuraidh, ar dheis Dé go raibh a anam. Údar, iriseoir, léachtóir agus craoltóir dearscnaitheach ab ea Nollaig Ó Gadhra agus bhí sé ar dhuine de na tráchtairí ba mhó cáil agus meas ar ghnóthaí poiblí.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge agus Cathaoirleach na Léachta: "Is tráthúil an téama a roghnaíodh don léacht chuimhneacháin seo ar iriseoir mór Gaeilge, Nollaig Ó Gadhra, fear a chaith saothar saoil ag soláthar do na meáin, na meáin chlóite ach go háirithe, agus ag tráchtaireacht orthu. Is íoróineach an scéal é, ámh, gurb iad an Irish Times agus an Irish News amháin, de na nuachtáin náisiúnta laethúla, a chuireann altanna rialta i nGaeilge ar fáil dá léitheoirí inniu agus tá moladh ag dul dóibh as sin.

"Ba mhaith dá bhféachfadh stiúrthóirí an Irish Independent agus nuachtáin laethúla náisiúnta eile in Éirinn chuige go bhfeidhmítear polasaí níos iniataí, polasaí leathan-aigeanta nua-aoiseach, i leith na Gaeilge agus a pobal labhartha, agus níor mhiste go gcuirfeadh léitheoirí a dtoil ina leith sin in iúl dóibh. Murar dhaille chultúir atá ann, is ionann polasaí frith-Ghaeilge an Independent go háirithe agus fiarshúilí chultúir ar an gcuid is lú."

Feartar fáilte roimh chách go dtí Léacht Uí Ghadhra 2009 agus is féidir suíochán a chur in áirithe le Conradh na Gaeilge trí ríomhphost a chur chuig Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. nó glaoch a chur ar +353 (0)1 4757401 roimh 21 Meán Fómhair 2009. Beidh córas aistriúcháin comhuaineach ar fáil ar an oíche.

TUILLEADH EOLAIS:
Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
066 7124169 / 087 2901154

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 086 8142757


*NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Thosaigh Nollaig Ó Gadhra ag obair i mBaile Átha Cliath i 1966 mar iriseoir leis an bpáipéar Gaeilge Inniu. An bhliain dár gcionn, bhí sé ar fhoireann nuachta RTÉ agus ina léiritheoir cúrsaí reatha go dtí 1969.

D'oibrigh sé mar Oifigeach Eolais le Gaeltarra Éireann, an ghníomhaireacht Ghaeilge stáit bunaithe i 1957 le gníomhaíochtaí eacnamaíocha tionsclaíochta a fhorbairt go sonrach i limistéir Ghaeltachta, agus mar Bhainisteoir Poiblíochta le Fáilte an Iarthair Teoranta i nGaillimh ina dhiaidh sin. Ceapadh ar fhoireann teagaisc Cheardcholáiste Réigiúnda na Gaillimhe é i 1974 agus Gaeilge, Cumarsáid, Léann Eorpach/Nua -Stair faoina chúram aige. Is ann a bhí sé go deireadh a shaoil ghairmiúil.

Ainmníodh é mar bhall de Chomhairle Theilifís na Gaeilge, coiste comhairleach tofa ag Údarás RTÉ le bunú, forbairt agus reáchtáil an stáisiúin Gaeilge TnaG a stiúradh, i 1994. Cé go bhfuil roinnt gearrscéalta agus cúpla dán leis foilsithe, ba le scríbhneoireacht faisnéise nó thuarascálach is mó a bhí luí aige.

Ba bhall dílis de Chonradh na Gaeilge é le fada agus ba bhall den Choiste Gnó é. Bhí sé ina Uachtarán ar an gConradh ó 2004 go 2005. Bronnadh Gradam an Phiarsaigh air i mí Aibreáin 2007 as idéalacha an Phiarsaigh a chur chun cinn.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. www.cnag.ie

Is ollamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é an tOllamh Nollaig Mac Congáil (B.A., Ph.D.) ó 1974 i leith, agus bhí sé ina Dhéan ar Dhámh na nDán ansin ó 1994 go dtí 2000. Rugadh é i nDoire agus fuair sé a chuid ollscolaíochta in Ollscoil na Ríona. Tá leabhar is fiche curtha in eagar nó scríofa aige, sa bhreis ar na scórtha alt.

Baineann a réimsí taighde agus teagaisc leis an gcanúineolaíocht; scríbhneoireacht na gConallach; litríocht réigiúnach; gramadach na Nua-Ghaeilge; leabhareolaíocht; litríocht na Nua-Ghaeilge i bhfoirm aistrithe; stair irisí agus nuachtán Gaeilge agus Béarla; agus luathdhrámaíocht na Gaeilge.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge