Skip to main content

Scéalaíocht agus Ceol san Áras

Beidh seisiún scéalaíochta le Máirín Mhic Lochlainn ar siúl i gClub Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh ar an Satharn, 7 Samhain 2009 ón 2.00 - 5.00in agus beidh agus seisiún cheoil thraidisiúnta le Dusty Banjos níos déanaí an oíche chéanna.

Seo deis do mhuintir na Gaillimhe roinnt seanscéalta gaelacha a chloisteáil ó bhean a fuair ón mbéaloideas iad. Máirín MhicLochlainn ó Chonamara a bheidh ag scéalaíocht. Mairfidh an scéalaíocht féin timpeall uair an chloig, ach glacfaidh sí sos nó dhó, agus beidh deis ag daoine ceisteanna a chur uirthi ag an deireadh.

Seo mar a chuireann Máirín Mhic Lochlainn síos ar a cuid scéalaíochta: "Maidir leis an scéalaíocht, fuair mé mar atá a fhios agat ó mo athair Beartla Ó Maoileoin, nó Beairtlín Rua iad. Fuair seisean a chuid scéalta ag cuairtíocht ar oícheanta airneáin i dteach seanfhir a mhair leis féin, Maitíos a' Búrca an t-ainm a bhí air, agus bhí cónaí air i mBaile an tSléibhe i Ros a' Mhíl. Bhíodh buachaillí an bhaile cruinnithe isteach sa teach aige, agus é ag inseacht scéalta dóibh. Is ó a bheith ag oíche airneáin a fuair seisean a chuid scéalta é fhéin."

An oíche sin beidh seisiún breá, bhríomhar leis na Dusty Banjos. Is ceol traidisiúnta a sheinneann an banna le meascán ceoltóirí ag gach aon seisiún. Dá bharr seo, d'fhéadfá a rá gur Club Áras na nGael ceann de na hionaid is fearr do sheisiún traidisiúnta. Bunaíodh an seisiúin seo do mhic léinn le uirlisí traidisiúnta i 2002. Ó ham go chéile bíonn luas níos moille leis an seisiún ná seisiúin eile a thugann deis do na daoine atá cúthail nó nach bhfuil in ann luas tapaidh a choinneáil. Dá rá sin bíonn seisiúin breá bríomhar ann chomh maith. Is seisiún oscailte é seo agus tá fáilte roimh cheoltóirí, éisteoirí agus damhsóirí.

Casann Dusty Banjos i gClub Áras na nGael ar an gcéad Shatharn de gach mí agus beidh an chéad seisiún eile ar siúl ar an Satharn 7 Samhain 2009 ag 10.00 in le saorchead isteach. Fáilte roimh chách!

TUILLEADH EOLAIS:

Gráinne Ní Chonghaile
Club Áras na nGael
Conradh na Gaeilge, Gaillimh
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)91 567824

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.