Skip to main content

Micheál Ó Brolacháin 1960 -2009

Cailleadh an gníomhaí teanga, scríbhneoir, foilsitheoir, fear grinn agus Gael dílis, Micheál Ó Brolacháin, Dé Sathairn, 31 Deireadh Fómhair 2009, agus é 49 mbliana d'aois.

Chaith Micheál na blianta ag troid ar son chearta phobal na Gaeilge, go háirithe i réimse na teilifíse. Chaith sé roinnt blianta mar bhall de Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge agus de Bhuanchoiste náisiúnta an Chonartha. B'urlabhraí náisiúnta Chonradh na Gaeilge ar na meáin chumarsáide é tráth agus ba mhinic é ag agóidíocht ar son tuilleadh cláracha Gaeilge ar RTÉ. Thacaigh sé go láidir leis an bhFeachtas Náisiúnta Teilifíse. Bhí sé i measc an lucht agóide a cheangail iad féin le slabhraí le ceannáras RTÉ i nDomhnach Broc chun a míshástacht leis an easpa cláracha Gaeilge ar RTÉ a léiriú. Ba cheannaire de chuid an bhrúghrúpa Freagra é, freisin.

Chaith Micheál tréimhse mar stiúrthóir ar Sheachtain na Gaeilge, tráth ar eagraigh sé ceolchoirm mhór le Christy Moore agus Moving Hearts chun tacú le Gaelscoil Bhóthar Seoighe a bhí ag feidhmiú gan aitheantas i mBéal Feirste ag an am.

Scríbhneoir agus foilsitheoir a bhí ann freisin. Tháinig 5 leabhar óna pheann féin agus d'fhoilsigh sé roinnt eile faoin lipéad Taibhse.

Bhí an-bhaint ag Micheál le lucht tacaíochta Ruagairí na Seamróige (Shamrock Rovers) agus chaith sé na blianta ag tacú leis an bhfeachtas chun páirc imeartha an chlub, Páirc Ghleann Molúra, a choimeád ó na forbróirí - Keep Rovers at Milltown! Go dtí lá a bháis, ba é a dheineadh tráchtaireacht agus scannánaíocht ar chluichí na Ruagairí.

Ba mhinic é le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar chláracha Rónáin Mhic Aodha Bhuí faoin ainm stáitse grinn, Réamonn Ó Ceallacháin.

Ba bhaill de Comhluadar - an eagraíocht tacaíochta do theaghlaigh a thógann a bpáistí le Gaeilge - é féin agus a theaghlach. Fágann sé mac amháin, Fiachra, a bhean chéile, Máire Ní Mhaoileoin, a athair, Ray, a dheartháir, Kevin, agus a dheirfiúr, Denise, ina dhiaidh, chomh maith le slua mór cairde, go háirithe i saol na Gaeilge agus i measc lucht tacaíochta Ruagairí na Seamróige.

Ar dheis Dé go raibh sé. Aistreofar an corp go Séipéal Naomh Pádraig, Baile na Manach Dé Máirt 3 Samhain ag 5.00in Aifreann na Marbh ag 11.00 ar an gCéadaoin, 4 Samhain 2009.

TUILLEADH EOLAIS:

Máire Ní Mhaoileoin
+353 (0)1 2892824 / +353 (0)86 1520930

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.