Skip to main content

Ciorcail Chomhrá Is Leor Beirt Seolta

Tá Conradh na Gaeilge ag cur tús leis an chéad ghréasán náisiúnta de chiorcail chomhrá dar teideal Is Leor Beirt i gcomhar le Scéimeanna Phobail Gaeilge timpeall na tíre inniu, Dé Luain, 9 Samhain 2009.

Tabharfaidh scéim nua an Chonartha Is Leor Beirt deis labhartha Gaeilge don ghnáthphobal agus cinnteoidh go mbeidh an Ghaeilge le cloisteáil go poiblí in ionaid éagsúla timpeall na tíre. Eascraíonn an scéim as an smaoineamh simplí nach bhfuil ach beirt Ghaeilgeoir ag teastáil chun ciorcal comhrá a bhunú agus chun gréasán Gaeilge áitiúil a chothú, trí bhualadh le chéile chun Gaeilge a labhairt le cupán caife nó um lón uair in aghaidh na seachtaine.

Dar le Síne Nic an Ailí, Feidhmeannach Forbartha Chonradh na Gaeilge: "Tá sé an-éasca grúpa nua Is Leor Beirt a bhunú, níl ag teastáil ach go mbuailfidh grúpa beag le chéile i gcaife áitiúil nó sa bhialann san ionad oibre le comhrá le chéile i nGaeilge ar bhonn rialta. Níl aon chostas nó am breise de dhíth chun páirt a ghlacadh i ngréasán Gaeilge Is Leor Beirt, ó seo am lóin nó sos caife a bheadh á ghlacadh ag daoine ar aon nós, ach beidh sé á ghlacadh acu i suíomh éagsúil anois i dteannta daoine eile sa suim sa teanga."

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Timire Náisiúnta an Chonartha: "Ní hamháin go mbeidh pointe teagmhála á chruthú ag scéim an Chonartha do dhaoine lasmuigh de phobal na Gaeilge ar an dóigh seo, ach cabhróidh Is Leor Beirt go mór le daoine ar an gcúpla focal an easpa muiníne agus an eagla roimh úsáid na Gaeilge a dhíbirt i gcomhluadar cairdiúil, neamhfhoirmeálta."

Cuireann ar a laghad beirt chainteoir Gaeilge fáilte roimh dhaoine eile ag gach ionad a ghlacann páirt i scéim an Chonartha gach seachtain nó gach mí. Tá cur chuige Is Leor Beirt feiliúnach go háirithe do dhaoine atá ag iarraidh deise chun úsáid a bhaint as an méid Gaeilge atá acu, nó chun cur lena cumas teanga, agus tá grúpaí cheana féin ceangailte leis an scéim i nGaillimh, Maigh Eo, Baile locha Riach, Inis, Baile Átha Cliath agus an Tulach Mór, Co. Uíbh Fháilí.

Tá caoinfháilte roimh ghrúpaí nua ceangail leis an scéim agus beidh Conradh na Gaeilge le tacú le grúpa ar bith a bunaítear in aon áit sa tír. Ní gá ach teagmháil a dhéanamh le Conradh na Gaeilge ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)1 4757401 nó féach anseo.

TUILLEADH EOLAIS:

Peadar Mac Fhlannchadha
Timire Náisiúnta, Conradh na Gaeilge
091 567824 / 087 4188050
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Síne Nic an Ailí
Feidhmeannach Forbartha, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 087 6546673
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

IONAID REATHA:

BAILE ÁTHA CLIATH
+353 (0)1 4757401

Am: Gach Céadaoin ag 11.00rn
Ionad: Bagel Factory, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Teagmháil: Síne Nic an Ailí Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)1 4757401

Am: Gach Céadaoin ó 11.00rn - 12.30in
Áit: An Seomra Caidrimh (B207), Áras Newman, Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath, Belfield, Baile Átha Cliath 4.
Teagmháil: siobháTá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Am: Gach Déardaoin ag 11.00rn
Áit: Bialann an champais, Sráid Bolton, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 1.
Teagmháil: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Am: Gach Máirt ag 1.00 - 1.45in
Áit: An Seomra Foirne (2-049), Sráid Áinséir, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2.
Teagmháil: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Am: Gach oíche Mháirt ag 8.30in
Áit: Áras Chonradh na Gaeilge, Corrán Grattan, Inse Chór, Baile Átha Cliath 8.
Teagmháil: Craobh Inse Chór +353 (0)1 4535814

Am: An chéad Aoine den mhí ag 1.00in
Áit: Camden Court Hotel, Sráid Camden, Baile Átha Cliath 2.
Teagmháil: Siobhán Nic Gaoithín Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.


BAILE LOCHA RIACH
+353 (0)91 870718

Am: Gach Céadaoin ag 11.00rn
Áit: Hope's, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe.
Teagmháil: Gaeilge Locha Riach +353 (0)91 870718


GAILLIMH
+353 (0)91 567824

Am: Gach Máirt ag 10.30rn
Áit: Café Mocha, Sráid Doiminic, Gaillimh.
Teagmháil: Gráinne Ní Chonghaile Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)91 567824

Am: Gach Máirt ag 11.00rn
Áit: The Hub, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Teagmháil: Gráinne Ní Chonghaile Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)91 567824

Am: Gach Máirt ag 3.00in
Áit: Canteen, GMIT, Gaillimh.
Teagmháil: Gráinne Ní Chonghaile Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)91 567824

Am: Oíche na bhFoghlaimeoirí, gach Céadaoin ag 8.00in
Áit: Club Áras na nGael, 45 Sráid Doiminic, Gaillimh.
Teagmháil: Gráinne Ní Chonghaile Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)91 567824

Am: Gach oíche Luan ag 8.00in
Áit: Bialann Lohans, Bóthar na Trá, Gaillimh
Teagmháil: Patricia Lohan Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)91 522696


INIS
+353 (0)65 6864474

Am: Maidin caife míosúil
Áit: Ionad nua gach mí
Teagmháil: An Clár As Gaeilge Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)65 6864474


MAIGH EO
+353 (0)94 9022444

Am: Gach Céadaoin ag 9.30 - 12.00in
Áit: Teach tábhairne Mc Carthy's, Caisleán an Bharraigh
Teagmháil: Brídín Ní Cheallaigh +353 (0)87 9781166


AN TULACH MÓR
+353 (0)86 8157342

Am: Gach Céadaoin ag 12.30 - 1.30in
Áit: Quigley's, Sráid Phádraig, An Tulach Mór. Co. Uíbh Fháilí.
Teagmháil: Barbara Tynan +353 (0)86 8157342

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.