Fainic Roimh Aguisín in Aistarraingt Chiorcláin 0044/2007

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge roimh chinneadh an Aire Oideachais agus Eolaíochta, Batt O'Keeffe TD, Ciorclán conspóideach 0044/2007, a chuir cosc ar chleachtas fadbhunaithe an luaththumoideachais i nGaeilge sa stát, a tharraingt siar, ach cuirtear fainic roimh an aguisín atá curtha leis an gcinneadh go bhféadfadh tuismitheoir amháin teagasc foirmeálta an Bhéarla a éileamh sna naíonáin shóisearacha i scoil ar bith ina gcleachtaítear an luaththumoideachas Gaeilge.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán an Chonartha: "Creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil an moladh go bhféadfadh tuismitheoir amháin teagasc foirmeálta an Bhéarla a éileamh sna naíonáin, in ainneoin pholasaí fhadbhunaithe Gaelscoile nó scoil Ghaeltachta ar bith, as ord.

"Níl ciall leis an aguisín a chuir oifigeach de chuid na Roinne Oideachais leis an gcinneadh chun ciorclán 0044/2007 a aistarraingt, ná níl bonn ná údarás leis an aguisín sin san Acht Oideachais ina iomláine."

Thacaigh Conradh na Gaeilge go láidir leis na Gaelscoileanna a chuir i gcoinne Ciorclán 0044/2007 nuair a lorgaíodar athbhreithniú breithiúnach san Ard-Chúirt, agus molann an Conradh na tuistí, na múinteoirí, na scoileanna agus go háirithe na hiarratasóirí, a sheas an fód ar son dhea-chleachtas aitheanta an luath-thumoideachais iomláin trí Ghaeilge.

Ag tagairt d'aguisín le cinneadh na Roinne Oideachais Ciorclán 0044/2007 a aistarraingt, deir Uachtarán an Chonartha: "Ní aontaíonn Conradh na Gaeilge gur gá sainmheon tumoideachais scoile a athbhreithniú gach bliain ag brath ar éileamh ó thuismitheoir, agus ní léir dúinn cén fáth go bhfuil cur isteach leanúnach á dhéanamh ar Ghaelscoileanna, scoileanna a chuireann sárchaighdeán oideachais ar fáil."

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha: "Iarrann Conradh na Gaeilge ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta gach tacaíocht a chur ar fáil don Ghaelscolaíocht, agus do mhúineadh na Gaeilge agus do mhúinteoirí na teanga i gcoitinne ar fud an chórais, mar a mholtar sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite.

"Creideann an Conradh gur chóir go mbeadh sé mar pholasaí ag an Roinn múinteoirí agus ábhair oidí, agus tuismitheoirí chomh maith, a chur ar an eolas go leanúnach faoi bhuntáistí an luath-thumoideachais, agus acmhainní eolais agus oiliúna a chur ar fáil ina leith sin."

TUILLEADH EOLAIS:

Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
066 7124169 / 087 2901154

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 086 8142757

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Ciorclán 0044/2007
Chuir Ciorclán 0044/07, a d'eisigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta i mí Iúil 2007, dualgas ar scoileanna lán-Ghaeilge 2.5 uair an chloig de Bhéarla a theagasc gach seachtain ó thús an dara téarma i rang na naíonán sóisearach ar a dhéanaí, in ainneoin an luath-thumoideachas iomlán a bheith ceadaithe i ranganna naíonán ó bunaíodh an stát, agus in ainneoin an aitheantais idirnáisiúnta atá tuillte ag an dea-chleachtas sin.

Chuir Ciorclán 0044/07 cosc ar luath-thumoideachas iomlán (LTi), córas faoin gcuirtear moill ar mhúineadh foirmeálta an Bhéarla sna ranganna naíonán, go dtí go mbíonn na daltaí inniúil ar chumarsáid a dhéanamh sa sprioctheanga, Gaeilge.

Ghlac an Roinn Oideachais agus Eolaíochta an cinneadh Ciorclán 0044/2007 a tharraingt siar i mí Eanáir 2010 i ndiaidh tréimhse dianstocaireachta ó ghluaiseacht na Gaeilge, agus i gcomhthéacs cás a bhí le teacht os comhair na hArd-Chúirte ag deireadh na míosa sin.

Gaelscoil Mhic Easmuainn, Trá Lí, Gaelscoil Nás na Rí, Co. Chill Dara, agus an Foras Pátrúnachta a loirg athbhreithniú breithiúnach san Ard-Chúirt in aghaidh na Roinne Oideachais. San idirbheartaíocht a bhain leis an gcás, thoiligh an Roinn costais chúirte na ngrúpaí seo a íoc.

Chuir an Roinn mar aguisín leis an gcinneadh Ciorclán 0044/2007 a aistarraingt, áfach, go bhféadfadh tuismitheoir amháin teagasc foirmeálta an Bhéarla a éileamh sna naíonáin, in ainneoin pholasaí fhadbhunaithe gaelscoile (nó scoil Ghaeltachta) ar bith.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge