Skip to main content

Seoladh Sheirbhís FM Raidió Rí-Rá!

Beidh Danny O'Reilly, príomhamhránaí ón mbanna mór le rá The Coronas, i measc na nGaeilgeoirí gnéasacha ag seoladh na seirbhíse FM don t-aon chairtstáisiúin cheoil Ghaeilge, Raidió Rí-Rá, Dé Luain 01 Márta 2010, mar thús leis an gcraolachán beo i mBaile Átha Cliath (100.3 FM), Corcaigh (106.7 FM), Gaillimh (99.1 FM), agus Luimneach (105.5 FM) ón 01 - 21 Márta 2010, díreach in am do Sheachtain na Gaeilge 2010.

Mar aon le pearsa Sheachtain na Gaeilge Danny O'Reilly ag seoladh na seirbhíse FM do Raidió Rí-Rá i mBaile Átha Cliath, beidh na haisteoirí Michelle Beamish (Paddy sa chlár Seacht) agus Sláine Hutchinson (Claudia sa chlár Aifric) ag seoladh seirbhís FM ilcathrach an chairtstáisiúin i dteannta scoláirí ollscoile agus daltaí Gaelscoile ag preasocáidí* i gCorcaigh agus i nGaillimh faoi seach.

Arsa Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió Rí-Rá: "Is iontach an rud é go mbeidh teacht ar bhreis agus milliún go leith duine ar sheirbhís FM ilcathrach Raidió Rí-Rá arís an Márta seo, agus is céim níos cóngaraí í i dtreo stáisiún raidió Gaeilge don aos óg a chur ar an gcóras náisiúnta FM go lánaimseartha."

Is é Raidió Rí-Rá an t-aon chairtstáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn, ag seinm na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge ar-líne ag www.rrr.ie tríd an bhliain ar fad. Thosaigh an stáisiún ag craoladh ar-líne i mí Mhárta 2008 faoin ainm oibre Raidió X agus chaith muintir Raidió Rí-Rá trí sheachtain ag craoladh beo ar FM i Márta 2009 buíochas le ceadúnas sealadach ilcathrach ó Choimisiúin Craolachán na hÉireann agus le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus Samsung, urraitheoir corparáideach Sheachtain na Gaeilge.

Deir Síne Nic an Ailí, láithreoir agus Oifigeach Caidrimh Phoiblí Raidió Rí-Rá: "Tá Raidió Rí-Rá ag treabhadh an ghoirt ag soláthar sheirbhís cheoil agus Ghaeilge d'aos óg na tíre seo le feidhmchlár iPhone in aisce agus teacht ar an stáisiún ar ghutháin Nokia anois, agus tá pleananna dul ar an gcóras teilifíse digití chomh maith leis an gcóras FM agus DAB amach anseo chun réimsí éisteachta an chairtstáisiúin a fhorbairt."

Beidh iarratais cheoil, cláracha spóirt, giotaí popnuachta, Cath na mBannaí agus aíonna speisialta ag glacadh páirt i gcraolachán beo Raidió Rí-Rá arís i mbliana, agus tabharfaidh foireann Rí-Rá cuairt ar chumainn Ghaelacha, ógchlubanna agus scoileanna le Gaeilgeoirí óga timpeall na tíre a chur faoi agallamh le linn an chraolacháin ón 1 - 21 Márta 2010. Beidh fiú Podge agus Rodge le cloisteáil ag labhairt as Gaeilge ar Raidió Rí-Rá i mbliana, mar sin cas ar siúl an steirió agus cuir cluas leis an gcairtstáisiún ceoil is fearr i nGaeilge an Márta seo!

Chun teagmháil a dhéanamh le Raidió Rí-Rá, ní gá ach RIRA a chur ag tús na teachtaireacht agus seol téacs chuig 51155 ar an gnáthráta; seol ríomhphost go Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.; nó fág tagairt ar Facebook, ar Twitter, nó ar bhalla an stáisiúin ag www.rrr.ie.

TUILLEADH EOLAIS:

Traic Ó Braonáin
Cathaoirleach, Raidió Rí-Rá
087 6993439 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Síne Nic an Ailí
Oifigeach Caidrimh Phoiblí, Raidió Rí-Rá
087 6546673 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / 01 4757401


*PREASÓCÁIDÍ / DEISEANNA GRIANGHRAFADÓIREACHTA:

Imeacht: Mic léinn ollscoile ag reáchtáil céilí mór na Gaeilge
Aoi: Michelle Beamish, aisteoir (Paddy sa chlár Seacht ar TG4)
Áit: Old College Bar, An Chearnóg, Campas na hOllscoile, Ollscoil na hÉireann, Corcaigh.
Am: Dé Luain, 01 Márta 2010 @ 12.00 (12.00 - 1.00in)
Teagmháil: Julanne Ní Mhurchú, An Chuallacht 086 0611233 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Imeacht: Mic léinn ollscoile ag casadh ceoil
Aoi: Le deimhniú
Áit: An Clós, Aontas na Mac Léinn, Ollscoil Luimnigh, Caladh an Treoigh, Luimneach.
Am: Dé Luain, 01 Márta 2010 @ 12.15 (12.00 - 1.00in)
Teagmháil: Aoife Ní Raghallaigh, AMLOL 086 0435304 / Ruán McLoughlin, AMLOL 086 0435300

Imeacht: Páistí Gaelscoile ag canadh do Raidió Rí-Rá
Aoi: Sláine Hutchinson, aisteoir (Claudia sa chlár Aifric ar TG4)
Áit: Scoil Iognáid, Bóithrín na Sliogán, Gaillimh.
Am: Dé Luain, 01 Márta 2010 @ 12.30 (12.00 - 1.00in)
Teagmháil: Laoise Bhreathnach, Scoil Iognáid 091 584491 / 086 8240669
Peadar Mac Fhlannchadh,Conradh na Gaeilge 0874188050 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Imeacht: Seoladh speisialta sa stiúideo
Aoi: Danny O'Reilly, príomhamhránaí The Coronas & pearsa Sheachtain na Gaeilge 2010
Áit: Stiúideo Raidió Rí-Rá, 7/8 Sráid an Mhóta Uachtarach, Baile Átha Cliath 2.
Am: Dé Luain, 01 Márta 2010 @ 12.45
Teagmháil: Síne Nic an Ailí, Raidió Rí-Rá 087 6546673 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / 01 4757401


NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a sheinneann na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá Raidió Rí-Rá le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone agus ar ghutháin Nokia, agus beidh le cloisteáil beo ar FM i mBaile Átha Cliath (100.3 FM), Corcaigh (106.7 FM), Gaillimh (99.1 FM), agus Luimneach (105.5 FM) i mí an Mhárta 2010. Is féidir le héisteoirí cluas a chur leis cnaga ceoil ar fad, vótáil do na hamhráin is fearr leo, teacht ar an bpopnuacht is déanaí agus ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann, agus iarchláracha a íoschóipeáil. www.rrr.ie

Tá Raidió Rí-Rá faoi cheannas Raidió X Teoranta le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, maoinithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta, agus is é Digital Radio Ltd an cuideachta oibríoch.

Is é Conradh na Gaeilge an phríomheagraíocht dheonach agus fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. www.cnag.ie

Is féile ollmhór idirnáisiúnta í Seachtain na Gaeilge. Bíonn na mílte imeachtaí eagraithe i rith na seachtaine agus freastalaíonn na céadta míle duine ar na himeachtaí sin, agus beidh imeacht speisialta dar teideal Rith 2010 (www.rith.ie) ar siúl mar chuid den bhféile i mbliana. Is í aidhm Sheachtain na Gaeilge an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn agus daoine a mhealladh len'iad a bhlaiseadh. Is é Croí na Teanga - It's You mana na seachtaine lena chur in iúl do chuile duine go bhfuil an teanga agus an cultúr ann do chách le húsáid, agus go bhfuil ról lárnach ag gach duine len'í a chur chun cinn. Beidh Seachtain na Gaeilge 2010 ar siúl ón 5 - 17 Márta 2010. www.snag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.