Skip to main content

Ról Chonradh na Gaeilge i Stráitéis 20 Bliain an Rialtais Á Phlé Ag An Aire Carey

Labhróidh an tAire nua Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey, TD, ar na deiseanna atá ann do Chonradh na Gaeilge i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge an Rialtais ag oscailt oifigiúil Ard-Fheis an Chonartha san Óstán Strand, Luimneach ag 9.00in oíche Aoine, 16 Aibreán 2010.

Arsa Pádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Is gá ról lárnach a bheith ag an bpobal i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge má táimid leis na spriocanna atá luaite inti a bhaint amach, agus mar fhóram daonlathach do phobal na Gaeilge, beidh Conradh na Gaeilge i lár na himeartha maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise."

"Is gá do Chonradh na Gaeilge agus do phobal na Gaeilge i gcoitinne na spriocanna atá sonraithe sa Dréacht-Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a neartú: is gá go bhfeidhmeofaí an Straitéis mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta (NDP); is gá go mbeadh comharthaí bóithre dátheangacha san áireamh inti, mar shampla; agus is gá go bhforbrófaí cúrsa comhtháite Gaeilge bunaithe ar an gcúrsa do scoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna, Séideán Sí, le haghaidh na mbunscoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán teagaisc mar ábhar práinne, cuir i gcás."

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Ní mór go mbeadh measúnú leanúnach, neamhspleách á dhéanamh ar dhul chun cinn na Straitéise sna blianta amach romhainn freisin, agus molann Conradh na Gaeilge go mbeadh an Coimisinéir Teanga freagrach as an ról sin.

"Is fiú a lua gur ghlac an Rialtas leis an moladh ón gConradh go mba chóir go mbeadh pleanáil don Ghaeilge á dhéanamh sa phobal de réir contae, agus tá tús curtha againn leis an obair sin i gCo. Chill Dara i bpáirt le Glór na nGael agus Comhluadar, le súil againn go gcuirfidh an tAire Carey na hacmhainní cuí ar fáil leis seo a leathnú do chontaetha eile ar fud na tíre mar chuid den Straitéis."

Tionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2010 san Óstán Strand, Luimneach ón 16 - 18 Aibreán 2010 agus tá gach eolas faoi Ard-Fheis na bliana seo le fáil ar-líne anseo. An tAire Pat Carey, TD, a osclóidh an Ard-Fheis go hoifigiúil ar an Aoine ag 9.00in agus tá fáilte roimh chách freastal ar chainteanna ón Aire Carey agus ó Lorcán Mac Gabhann, ceannasaí Ghlór na nGael agus ball aonair an Chonartha, mar chuid d'imeachtaí na hoíche dá éis.

TUILLEADH EOLAIS:

Pádraig Mac Fhearghusa
Uachtarán, Conradh na Gaeilge
066 7124169 / 087 2901154

Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
01 4757401 / 086 8142757

ARD-FHEIS CHONRADH NA GAEILGE 2010 AR-LÍNE:

Beidh Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2010 á chraoladh beo ar-líne ag http://www.ustream.tv/channel/ard-fheis-chonradh-na-gaeilge-2010 d'éinne nach féidir freastal agus is féidir páirt a ghlacadh i ngnó na hArd-Fheise ar Twitter trí theachtaireachtaí leis na carachtair #afcnag a chur ag deireadh gach teachtaireachta, agus taispeánfar an sruth Twitter ar scáileán ag an Ard-Fheis.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. www.cnag.ie

CLÁR ARD-FHEIS CHONRADH NA GAEILGE 2010:

Dé hAoine, 16 Aibreán 2010
19:00 Cruinniú Cinn Bliana Sheachtain na Gaeilge
20:30 Caint fháiltithe an Uachtaráin
- Gnó na hArd-Fheise
21:00 Oscailt Oifigiúil na hArd-Fheise
- An tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey, TD
21:10 Deiseanna don Chonradh i Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge
Cainteanna na hArd-Fheise
- An tAire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta, Pat Carey, TD
- Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael agus Ball Aonair
22:15 Fáiltiú agus ceoltóirí áitiúla
eagraithe ag Craobh Chathair Luimnigh

Dé Sathairn, 17 Aibreán 2010
09:30 Plé idir iarrthóirí don Uachtaránacht
10:00 Gnó na hArd-Fheise
13:00 Lón
14:15 Ceardlanna Fhorbairt Chraobhacha
- Domhnall Ó Loingsigh, Craobh na hInse
- Niall Ó Catháin, Coiste Forbartha Charn Tóchair
14.45 Gnó na hArd-Fheise
17:30 Clár gnó críochnaithe
20:00 Dinnéar na hArd-Fheise
22:00 Club na hArd-Fheise
- Seó an Oireachtais agus Pádraig Ó Sé

Dé Domhnaigh, 18 Aibreán 2010
10:30 Aifreann i Séipéal Mhichíl (beo ar Raidió na Gaeltachta)
11:30 Clabhsúr na hArd-Fheise i Halla Íde
12:00 Turas staire ó Halla Íde
- Proinsias de Priondargás

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.