Skip to main content

Raidió Rí-Rá i mBarr 50 Gnó le Gaeilge

Tá Raidió Rí-Rá, an chéad chairt-stáisiúin raidió Gaeilge don aos óg, ainmnithe i measc na mBarr 50 Gnó le Gaeilge 2010, gradaim a bhronnfar ag ceiliúradh bliantúil Gradaim Barr 50 Gnó le Gaeilge i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, Dé hAoine, 14 Bealtaine 2010.

Arsa Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió Rí-Rá: "Léiríonn Raidió Rí-Rá nuálaíocht agus úrsmaoineamh sa ghnó i gcónaí tríd an teanga a úsáid ar bhealach nár baineadh leas as i ngnó na Gaeilge go dtí seo - idir na nua-theicneolaíochtaí is déanaí a úsáid, chláracha nuálaíocha a fhorbairt go leanúnach, agus theacht ar mhodhanna éisteachta agus ar mhodhanna margaíochta nua.
"Is mór ag Raidió Rí-Rá aitheantas a fháil don obair cheannródaíoch seo atá ar siúl againn agus ainmniúchán i measc na mbarr 50 gnó is fearr le Gaeilge faighte ag an ógstáisiún i mbliana."

Chomh maith le hainmniúchán a fháil do na Gradaim Bharr 50 Gnó le Gaeilge 2010 tar éis díreach dhá bhliain chraolta dó, d'éirigh le Raidió Rí-Rá dhá ainmniúcháin a fháil do Ghradaim Chumarsáide mhórmheasúla Oireachtas na Gaeilge anuraidh, áit gur ainmníodh Miriam Maher don ghradam Pearsa Raidió na Bliana agus an clár seachtainiúil PopNuacht don ghradam Clár Raidió na Bliana in iomaíocht le mórstáisiúin sheanbhunaithe Ghaeilge na tíre dá leithéid RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Deir Síne Nic an Ailí, láithreoir agus Oifigeach Caidrimh Phoiblí Raidió Rí-Rá: "Ós rud é gurb é Raidió Rí-Rá an t-aon chairtstáisiún lánGhaeilge don aos óg in Éirinn, táimid tiomáinte le seirbhís ar a laghad chomh maith lena macasamhail ar chairtstáisiúin Bhéarla a chur ar fáil do phobal na Gaeilge, agus go deimhin le seirbhís níos fearr fiú.
"Tapaíonn an stáisiún gach deis le sár-úsáid a bhaint as an nGaeilge sa ghnó i gcónaí, agus tá Raidió Rí-Rá ag treabhadh an ghoirt ag soláthar sheirbhís cheoil agus Ghaeilge d'aos óg na tíre seo trí fheidhmchlár iPhone in aisce a chur ar fáil le híoschóipeáil, trí leas a bhaint as gréasánaíocht shóisialta ar nós Twitter agus Facebook, agus tríd an stáisiún a chur ar fáil ar ghutháin Nokia."

Tá na hamhráin is mó ó na cairteacha á gcasadh ag Raidió Rí-Rá, go hiomlán trí mheán na Gaeilge, gan stad ar-líne ag www.rrr.ie ó thosaigh an stáisiún ag craoladh ar an idirlíon i mí an Mhárta 2008. Chaith Raidió Rí-Rá trí sheachtain ag craoladh beo ar FM i Márta 2009 agus i Márta 2010 mar stáisiún oifigiúil Sheachtain na Gaeilge, agus bhí teacht ag níos mó ná milliúin go leith duine i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Luimneach ar an gcairtstáisiún Gaeilge le linn an chraolacháin bheo.

Tá sé beartaithe ag grúpa oibre Raidió Rí-Rá dul ar an gcóras teilifíse digití agus DAB amach anseo, agus go mbeadh stáisiún raidió Gaeilge lánaimseartha don aos óg ar an gcóras náisiúnta FM freisin.

TUILLEADH EOLAIS:

Traic Ó Braonáin
Cathaoirleach, Raidió Rí-Rá
+353 (0)87 6993439 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Síne Nic an Ailí
Oifigeach Caidrimh Phoiblí, Raidió Rí-Rá
+353 (0)87 6546673 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.


NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a sheinneann na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Tá an cairtstáisiún le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone agus ar ghutháin Nokia. Bhí Raidió Rí-Rá le cloisteáil beo ar FM i mBaile Átha Cliath (100.3 FM), Corcaigh (106.7 FM), Gaillimh (99.1 FM), agus Luimneach (105.5 FM) i mí an Mhárta 2009 agus 2010 araon, buíochas le ceadúnas sealadach ilcathrach ó Údarás Craolacháin na hÉireann (ÚCÉ).

Bíonn meán de bhreis agus 3,000 duine ag éisteacht le Raidió Rí-Rá ar-líne ar fud na cruinne gach mí ar www.rrr.ie, líon a ardaíonn go suntasach nuair atá an stáisiún ag craoladh beo ar an gcóras FM leis.

Is féidir le héisteoirí cluas a chur leis cnaga ceoil ar fad, vótáil do na hamhráin is fearr leo, teacht ar an bpopnuacht is déanaí, ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann, agus ar iarchláracha le híoschóipeáil ón suíomh. www.rrr.ie

Tá Raidió Rí-Rá faoi cheannas Raidió X Teoranta le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, maoinithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta, agus is é Digital Radio Ltd an cuideachta oibríoch.


Is é Conradh na Gaeilge an phríomheagraíocht dheonach agus fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. www.cnag.ie


Tabharfar gradam do Bharr 50, idir dhaoine aonair agus chomhlachtaí, a rinne ceannródaíocht ar ghnó le Gaeilge, ag ceiliúradh bliantúil Gradaim Barr 50 Gnó le Gaeilge, sa Mansion House, Baile Átha Cliath, Dé hAoine, 14 Bealtaine 2010.

Is iad an Barr 50 a ainmneofar:

  • Gnónna atá lonnaithe sa Ghaeltacht nó a oibríonn trí mheán na Gaeilge
  • Ceannasaithe gnó a aithnítear mar thacadóirí na Gaeilge
  • Gnónna a bhaineann úsáid as an Ghaeilge mar uirlis mhargaíochta nó a sholáthraíonn seirbhís as Gaeilge

Bronnfar Gradam Gaisce ar sheisear den Bharr-50 ag an lón gradam.

Ina measc siúd a gheobhaidh an gradam ar leith seo, beidh:

  • Fiontraí Gaeilge na bliana
  • Comhlacht nó duine aonair san earnáil phoiblí a bhaineann an úsáid is éifeachtaí as an Ghaeilge mar uirlis mhargaíochta
  • Comhlacht nó duine aonair san earnáil phríobháideach a bhaineann an úsáid is éifeachtaí as an Ghaeilge i soláthar seirbhíse
  • Comhlacht nó duine aonair a léiríonn nuálaíocht agus úrsmaoineamh sa ghnó trí úsáid na Gaeilge
  • Comhlacht nó duine aonair, lonnaithe sa Ghaeltacht, a bhaineann sár-úsáid as an Ghaeilge sa ghnó

Déanfar Gradaim Bharr 50 Gnó Le Gaeilge a chomóradh trí iris faoi leith a fhoilsiú ina ndéanfar cur síos ar an Bharr 50 agus a gcuid éachtaí. www.belfastmedia.com/barr50gno/

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.